Bostún, Massachusetts
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Bostún (Béarla: Boston). Is í príomhchathair Stát Massachusetts í agus is í an chathair is mó sa stát í freisin; is í freisin príomhchathair neamhoifigiúil an réigiúin Sasana Nua í.
- Baineann an t-alt seo leis an gcathair Mheiriceánach. Má tá suim agat sa mbaile in Lincolnshire, Sasana, féach Boston, Lincolnshire.
Tá Bostún ar cheann de na cathracha is sine agus is saibhre sa tír. Chomh maith leis sin, is áit thábhachtach í freisin i gcúrsaí cultúrtha agus staire. Bhí Bostún i lár an aonaigh ó thaobh chuid mhaith de na móreachtraí i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá - an Sléacht i mBostún, Cóisir Tae Bhostúin, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin.
Tá an chathair suite i lár an réigiúin Mórcheantar Bhostúin (Greater Boston), i measc na gcathracha eile Cambridge, Brookline, Quincy agus Newton. I mBéarla, tugtar an t-ainm Bostonians ar na daoine atá ina gcónaí san áit seo.

Remove ads
Spórt
Imríonn an fhoireann phroifisiúnta cispheile Boston Celtics agus an fhoireann phroifisiúnta daorchluiche na Red Sox i mBostún.

Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads