Brian (miotaseolaíocht)

duine de thriúr mac Tuireann na dTuath Dé Danann From Wikipedia, the free encyclopedia

Brian (miotaseolaíocht)
Remove ads

I Miotaseolaíocht na nGael, ar duine de thriúr mac Tuireann na dTuath Dé Danann ba ea Brian, i dteannta le Iuchar agus Iucharba.

Thumb
"Brian Seizes the Pig-Skin", léaráid le J. H. Bacon, c.1905.
Fíricí Gasta Cineál, Comhthéacs ...
Remove ads

Oidheadh Chlainne Tuireann

Shocraigh an triúr deartháireacha, Cian, namhaid a n-athair, agus é féin athair Lugh, a mharú. Chuaigh Cian i riocht muice, chun é féin a chur as aithne, ach chuaigh na deartháireacha i riocht cúnna, agus chuaigh ar a thóir. Mharaigh siad é agus shrac a chorp as a chéile. Rinne siad iarracht a gcoir a cheilt, ach rug Lugh orthu ar ball beag. Mar éiric, sheol sé ar tóraíocht iad ar fud an domhain, chun airm draíochta a thabhairt ar ais, a bhí ar intinn ag Lugh feidhm a bhaint astu sa Dara Cath Maighe Tuireadh. D'éirigh leo gach a raibh ó Lugh, ach d'fhill siad go hÉirinn agus iad gortaithe go dona. D'impigh siad ar Lugh iad a leigheas, ach dhiúltaigh sé. Fuair siad bás, agus fuair Tuireann bás de chumha thar a n-uaigheanna.

I leagan amháin ar a laghad den scéal, is é Brian an té a bhí glic agus grinn, siúd is nach raibh stuaim ná meabhair ag a dheartháireacha, agus an-uamhan orthu i láthair Bhriain.

Cuireadh scéal Clainne Tuireann i gcomórtas le hArgonautica Gaelach.[1]

Remove ads

Béaloideas na hAlban

I mbéaloideas níos déanaí na hAlban, b'fhear mórchúiseach é Brian, a thug cabhair don Chailleach chun Deò-ghrèine a tharrtháil.

Cultúr na ndaoine

Is príomhphearsa é Brian san úrscéal As Baile: A Story le Patrick Magee, a athinsíonn scéal Mhic Tuireann.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads