Buircíne Fasó
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is tír thalamhiata san Afraic Thiar í Buircíne Fasó. Is í Ouagadougou an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht Fhrancach í.
Ar 11 Nollaig 1958, bhain Buircíne Fasó féinriail amach, agus neamhspleáchas iomlán ar 5 Lúnasa 1960]. "Volta Uachtarach" a thugadh ar an tír go dtí 1984, as lár na tír a bheith suite timpeall rás uachtarach na habhann Volta.
Remove ads
Teangacha
Labhraítear Móiré, Diúla agus teangacha Súdánacha eile sa tír cé gurb í an Fhraincis an teanga oifigiúil.
Stair
Bhí dream Marxach faoi cheannas Thomas Sankara i réim sna 1980idí go dtí a fheallmharú ag cuid dá shaighdiúirí féin sa bhliain 1987. Faoi stiúir dhlúthchara agus chomhghuaillí Sankara, Blaise Campaoré, d'iompaigh an tír ar ais go córas caipitlíoch parlaiminteach. Cuireadh bunreacht nua i bhfeidhm sa bhliain 1991. Toghadh Campaoré mar uachtarán sa bhliain chéanna agus fuair sé an bua in roinnt toghchán eile.
Sa bhliain 2014, áfach, bhí an pharlaimint ar tí vótáil ar an bunreacht a athrú chun cead a thabhairt d'uachtarán na tíre seasamh don oifig gan aon teorainn ar a mhéad téarmaí. Rinne na céadta mílte agóidí ina choinne. Ar 1 Samhain 2014 d'éirigh Campaoré as an uachtaránacht agus chuir arm Bhuircíne Fasó an rialtas ar cheal.[1]
Remove ads
Geilleagar
Cadás, beostoc, ór, agus mianraigh eile a easpórtáiltear an tír thar lear.
Le linn 2009, d’fhreagair Cúnamh Éireann do thús tobann tubaistí nádúrtha, lena n-áirítear na tuillte tromchúiseacha i mBuircíne Fasó[2].
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads