COMHARTaighde

irisleabhar léannta foilsithe ag Comhar Teoranta From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Is iris phiarmheasta, leictreonach, acadúil do Léann na Nua-Ghaeilge é COMHARTaighde a fhoilsítear go bliantúil. Foilseofar an deichiú heagrán de COMHARTaighde in 2024. Foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear a dhéanann an piarmheas. Foilsítear saothar scolártha i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge. Ar mhaithe le freastal ar phobal domhanda na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, tá an iris á foilsiú ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Dar leis an bhfoilseachán féin go gcuireann an iris fóram piarmheasta ar fáil do thaighdeoirí sna réimsí léinn seo agus tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise agus na heagraíochta maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne.

Fíricí Gasta (ga) Comhar taighde, Cineál ...
Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads