Cathair Chonstaintín

From Wikipedia, the free encyclopedia

Cathair Chonstaintín
Remove ads

Ba í Cathair Constaintín (Constantinople i mBéarla; Gréigis: Κωνσταντινούπολις Konstantinoúpolis nó Κωνσταντινούπολη Konstantinoúpoli; Laidin: Constantinopolis; Tuircis Otamánach: قسطنطینية, Kostantiniyye; Tuircis nua-aimseartha: İstanbul, Eabhrais: קושטא, Kushta) príomhchathair impireacht oirthearach na Róimhe, is é sin, príomhchathair na mBiosántach, na Laidineach (tar éis 1204) agus na nOtamánach (tar éis 1453). Sa bhliain 324 AD,athbhunaíodh Biosántiam mar phríomhchathair nua Impireacht na Róimhe ag an Impire Constaintín a hAon, óna bhfuair sí a hainm, agus tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine, 330. Sa 12ú haois, bhí an chathair ar an cheann ba mhó agus ba shaibhre de chathracha na hEorpa agus bhí an-tionchar aici ar an Chríostaíocht i rith réanna Impireachtaí na Róimhe agus na mBiosántach. Tar éis di a tailte fairsinge a chailiúint, laghdaíodh an Impireacht Bhiosántach go léir lasmuigh den phríomhchathair agus na dúiche máguaird, agus faoi dheireadh thit sí agus scriosadh í ag na hOtamánaigh i 1453. Tar éis Choncas na Moslamach, d'athraigh lárionad na Críostaíochta san oirthear, Cathair Chonstaintín, nuair a rinneadh príomhchathair na hImpireachta Otamánaí di, agus tháinig sí i mbláth arís, mar Iostanbúl.

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads