Ciarán Mac Mathúna

craoltóir agus ceoleolaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Craoltóir agus ceoleolaí Éireannach ab ea Ciarán Mac Mathúna (26 Samhain 1925 – 11 Nollaig 2009).[1][2] Bhí sé ina shaineolaí aitheanta ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus thug sé léachtaí go forleathan ar an ábhar. Thaistil sé timpeall na hÉireann, Sasana, Albain agus Meiriceá ag bailiú ceoil.[3]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Dar le Sam Smyth san Irish Independent, bhí Mac Mathúna “ar mhisean chun amhráin agus scéalta, ceol, filíocht agus rince a bhailiú sular bádh iad faoi shúnámaí an phopcheoil a bhí ag teacht”. [4]

Bhí sé ina láithreoir ar Mo Cheol Thú ar feadh 35 bliain. Nuair a chuaigh sé ar scor in 2005, dúirt Adrian Moynes, stiúrthóir bainistíochta RTÉ Raidió, go raibh Mac Mathúna “inseparable from RTÉ Radio”.[3] Nuair a fuair Mac Mathúna bás in 2009, dúirt an Irish Independent gur “seoid náisiúnta” é.[5]

Remove ads

Luathshaol agus oideachas

Rugadh Mac Mathúna i Luimneach,[6] agus tógadh ar Shráid Mulgrave é. Bhain sé céim BA amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Laidin ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, rinne sé MA sa Ghaeilge.[7]

Gairm

Tar éis an hollscoile, d’oibrigh Mac Mathúna mar mhúinteoir agus níos déanaí leis an gCoimisiún Logainmneacha. In 1954, ghlac sé post le Raidió Éireann, áit a raibh sé de chúram air ceoltóirí traidisiúnta a thaifeadadh ina gceantar féin.[7] Thug sé cuairt ar áiteanna ar nós Sliabh Luachra, Contae an Chláir, agus Contae Shligigh, agus bhain sé úsáid as na taifeadtaí ina chláir raidió.

Thosaigh a shraith raidió sheachtainiúil Mo Cheol Thú in 1970, agus lean sé ar aghaidh go dtí Samhain 2005, nuair a d’éirigh sé as.[3][6] Bhí na cláracha 45 nóiméad ar fad, agus craoladh meascán de cheol, filíocht, agus seanchas ón chartlann. Bhí sé ar cheann de na cláracha raidió is faide ar an bhfód.[3][6] Craoladh an eipeasóid dheireanach ar an 27 Samhain 2005.[3]

Bhuaigh Mac Mathúna Gradam Jacob's faoi dhó, in 1969 agus 1990, as a chuid cláracha raidió a chuir ceol traidisiúnta na hÉireann chun tosaigh.[6] Bhuaigh sé Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais in 2001. Bhronn Cathair Luimnigh saoirse na cathrach air i Meitheamh 2004.[6] Bhronn OÉ Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh dochtúireachtaí oinigh air freisin.[8] Sa bhliain 2007, bronnadh Gradam na gCeoltóirí air ag an 10ú Gradaim Ceoil Thraidisiúnta TG4.[9]

Remove ads

Saol pearsanta

Bhí a bhean chéile Dolly MacMahon (a bhain úsáid as an leagan Béarla dá sloinne) ina hamhránaí traidisiúnta. Ba as Cathair na Gaillimhe í, agus bhuail sí lena fear céile i 1955.[10] Bhí beirt mhac acu darbh ainm Pádraic agus Ciarán, agus iníon amháin darbh ainm Déirdre.[11]

Fuair sé bás ar an 11 Nollaig 2009.[6][12][13]

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads