Cill Mhic Thaidhg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is baile fearainn agus paróiste í Cill Mhic Thaidhg[1] i gContae Shligigh.
Cuimsíonn an paróiste na sráidbhailte Áth an Chláir, Beannada agus Tuar Loistreáin, chomh maith leis na bailte fearainn mórthimpeall orthu. Tá séipéal an pharóiste suite i dTuar Loistreáin, agus tá séipéil níos lú i gCill Mhic Thaidhg agus i Loch Tailt. Bhí séipéal beag i mBeannada ag an mhainistir freisin, ach dúnadh é nuair a nascadh meánscoil Mhainistir Bheannada agus meánscoil Chlochar na Muireach i dTobar an Choire le chéile.
Is í Naomh Athracht pátrún an pharóiste. Deir an béaloideas gur chloígh sí dragan a bhí ag marú beithíoch. Tá a hainm ar thobar áitiúil agus ar an meánscoil i dTobar an Choire.
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads