Clár Copernicus

From Wikipedia, the free encyclopedia

Clár Copernicus
Remove ads

Seirbhís de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an clár Copernicus, a bhíonn ag plé le hathrú aeráide.[1][2] Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn Copernicus, i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Sonraí ...

Is í Seirbhís Mhuirí Copernicus a sholáthraíonn an treocht réigiúnach i meánleibhéal domhanda na mara.[3] Seirbhís faireacháin ar an atmaisféar is ea Copernicus chomh maith.[4]

Thumb
Fairsingiú fásaigh agus an Crios Mór Glas san Afraicː Copernicus Sentinel-2; taighde de chuid Copernicus[5]
Remove ads

Taighde

  • Léiríonn tuarascáil de chuid Copernicus sa bhliain 2024 gur ag tráthanna áirithe i rith 2023, go raibh an teocht dhá chéim Celsius ní ba theo ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche.[1][6]
  • Forbraíonn uisce nuair a dhéantar é a théamh agus, de réir Copernicus, is féidir thart ar 30% den ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara inniu a chur i leith na forbartha teirmí sin amháin.
  • Tá sonraí leibhéal na farraige ó íomhánna satailíte ar fáil ó Copernicus i bhfoirm sonraí greille laethúla ar leibhéal na farraige. Soláthraítear leis na sonraí sin, lena gclúdaítear an tréimhse ó 1993 go dtí an lá atá inniu ann, meastacháin dhomhanda ghreille laethúla ar aimhrialtacht leibhéal na farraige bunaithe ar thomhais airdemhéadrachta satailíte, agus aimhrialtacht leibhéal na farraige á shainmhíniú mar airde an uisce thar mheán-dhromchla na farraige in am agus réigiún ar leith.[7]
Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads