Ollscoil na Gaillimhe
ollscoil i gCathair na Gaillimhe From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun sa bhliain 1845.[1] Bhí os cionn 18,000 mic léinn ag freastal uirthi in 2022.[2][3]
Bhí Ollscoil na Gaillimhe rangaithe san 2% de ollscoileanna is fearr ar fud an domhain in 2022.[4] Bhí Ollscoil na Gaillimhe ar cheann de na hollscoileanna is fearr in Éirinn maidir le hinfhostaitheacht céimithe in 2021. Bhí 96% de na mic léinn fochéime agus 94% de na mic léinn iarchéime ón Ollscoil seo fostaithe nó i mbun staidéar breise laistigh de 6 mhí tar éis a gcáilíocht a bheith bronnta orthu.[5]




Remove ads
Stair na hOllscoile
D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh' mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í, agus í le bheith mar chuid de hOllscoil na hÉireann in éineacht le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. I 1991, athróidh a hainm go Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus d'athraigh a hainm arís i 2022, nuair a thugadh Ollscoil na Gaillimhe uirthi.
Bhí an Dr Jim Browne ina uachtarán idir 2007-2017.[6]
Ba é An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh uachtarán na hollscoile idir 2018-2024.[7] D'éirigh sé as a phost ar an 26 Meitheamh 2024, roimh dheireadh a théarma deich mbliana.[8]
Remove ads
Saol na hOllscoile
Forbairt
Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".
Mic léinn
Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.
Gaeilge
Tá suíomh na hOllscoile, ollscoilnagaillimhe.ie, le fáil i mBéarla amháin (seachas cúpla leathanach agus na teidil). Ach tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar "cheann de phríomhchuspóirí" na hollscoile. "Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain"[9] ach níl fonn orthu scríobh don Vicipéid is cosúil.
Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.
Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.[6] Bhí an riachtanas Gaeilge ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Ollscoil na hÉireann Gaillimh Curtha i gcartlann 2008-12-21 ar an Wayback Machine
- Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine
- Aistir Curtha i gcartlann 2008-10-11 ar an Wayback Machine(cartlann)
- Iris léanta na mac léinn iarchéime: Léann Teanga: An Reiviú
- Nuachtán na mac léinn: SIN
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads