Conn Céadchathach
Ardrí na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Conn Céadchathach (Sean-Ghaeilge Conn Cétchathach) mac Féilimí Reachtmhair. Sinsear na gConnachta ab ea é, agus, trí Niall Noígíallach, ríshleachta Uí Néill, a bhí chun cinn in Éirinn i rith na luath-meánaoise.
Remove ads
Luathbheatha agus teacht i réim
Deirtear san Annála na gCeithre Máistrí nach bhfacthas na cúig bhóthar go Teamhraigh, roimh oíche breithe Coinn.[1]
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis dó a réamhtheachtaí Cathair Mór a mharú.[2] I bhfoinsí eile, ba é Dáire Doimthech a réamhtheachtaí.[3]
Bhúir an Lia Fáil faoi Chonn nuair a sheas sé air. Ba é sin an chéad uair a bhúir cloch na corónach ó scoilt Cú Chulainn lena chlaíomh é, toisc nár bhúir sé ar son Lugaid Riab nDerg.[4]
Remove ads
Baile in Scáil
Shiúil Conn trí thimpiste ar an lia agus é ar mhúir chosanta na Teamhrach. Chuir sé seo le fios go raibh an lia clúdaithe ó ré Chú Chulainn. Chuir draoi brí an lia in iúl, agus dúirt gurbh ionann líon búireanna an lia agus líon na ríthe a leanfadh Conn. D'éirigh ceo draíochta agus tháinig marcach chucu, a chaith trí gha i dtreo Choinn. D'iarr sé ansin ar Chonn agus ar an ndraoi dul ina theannta chuig a thigh suite ar mhaigh agus crann óir in aice leis. Chuadar isteach, agus thug bean le coróin óir ar a cionn fáilte rompu. Chonaic siad i dtosach báire dabhach airgid, fáiscthe le fonsaí óir, lán de leann rua, agus cuach agus spúnóg freastail óir. Chonaiceadar scál ansin, fear ard galánta, ina shuí ar ríchathaoir, a deir gur Lugh é féin. Ba cheannas na hÉireann í an bhean, agus chuir sí béile ar an mbord do Chonn agus ann easna daimh ceithre throigh is fiche ar fad, agus easna toirc. Nuair a chuir sí na deochanna ar an mbord, d'fhiafraigh sí díobh "Cé acu a dtabharfaí an cuach seo?", agus d'aithris Lugh dán a d'inis do Chonn líon blianta a réime, agus ainmneacha na ríthe a leanfas é. Chuaigh siad faoi scáth Lugh isteach, agus d'imigh an teach as amharc, ach d'fhan an cuach agus an spúnóg freastail.[5][6]
Remove ads
Baile Chuinn Chétchathaig
Sa téacs níos luaite Baile Chuinn Chétchathaig, feictear liosta fileata na nArd-Ríthe, a bhfuil go leor acu inaitheanta ón liosta traidisiúnta, ach gan comhthéacs scéil.[7]
Mogh Nuadhad
Bhí réim sách fada ag Conn Conn had a long reign — a fiche, a cúig is fiche, cúig is tríocha nó caoga bliain fiú de réir leaganacha áirithe den Leabhar Gabhála — ach cúige mhaith de caite i mbun troda in éadan, rí na Mumhan, Mug Nuadat.
De réir an tseanscéil Cath Maige Leana, bhí ríthe na Mumhan Conaire Cóem agus Mac Niad mac Lugdach curtha ar díbirt ag athair Mhoga, Mog Neit mac Deirgtine. D'éalaigh an bheirt ríthe go Conn, agus phós siad a iníonacha, Saraid and Sadb faoi seach. Chuaigh Mog Neit i mbun troda in éadan Choinn, ach cloíodh agus maraíodh é i ndúradh dhá chath i gContae Uíbh Fhailí. Agus Mog Nuadat i gceannas airm a athar, chúlaigh siad tríd an Mumhain, ag troid go lánstad in aghaidh Choinn, sular éalaigh sé ar muir go dtí An tOileán Mór, agus as sin go dtí An Spáinn. Chuir Conn Conaire agus Mac Niad ar ais í gcoróin agus bhailigh leis.
Naoi mbliana ina dhiaidh sin, tháinig Mogh Nuadhat (a bhí iníon rí na Spáinne pósta aige) i dtír le harm ag Bá Bheanntraí agus chuir sé iachall ar Chonaire agus Mhac Niad ghéill faoi. I dteannta le ríthe na nUladh agus na Laighean, chuaigh sé ar mhórshiúl sé ó thuaidh go Mag nAi and chuir sé iachall ar Chonn conradh a dhéanamh leis chun Éire a roinnt eatarthu: Conn i gceannas sa tuaisceart, nó Leath Choinn; agus Mug Nuadat sa deisceart, nó Leath Mhoga; agus an teorainn idir Gaillimh western iarthar agus Áth Cliath san oirthear.
Tar éis síochána le cúig bliana déag, bhris Mug Nuadat an conradh agus d'fhógair sé cogadh, i dteannta le ríthe na nUladh agus na Laighean. Chuaigh sé i gceannas a airm go Mag Leana, lámh le Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Chúlaigh Conn go Connachta, bhailigh a arm agus thóg Midhe ar ais ó rí na nUladh. Chuaigh sé ar mórshiúl go Mag Leana agus scrios arm Mhogha i rith ionsaí gan choinne oíche. Maraíodh Mogh i mbun troda, agus bhí Conn arís ina Ard-Rí na hÉireann go léir.[8]
Deir Seathrún Céitinn scéal eile. Bhailigh Mug Nuadat arm le cabhair rí na Laighean, agus dhírigh sé ríthe na Mumhan, Lugaid Allathach, Dáire Dornmhór agus Aonghas sa scéal seo. Theith Aonghas go Conn, a thug arm dó chun a riocht a ghabháil ar ais. Chloígh Mogh an t-ionsaí seo agus naoi n-ionsaí eile agus Conn ag iarraidh an ruaig ad Mumhain a chur air. Chuir sé iachall ar Chonn Éire a roinnt leis. Nuair a thosaigh cogaíocht arís, bhailigh airm Choinn agus Mogha chun troda ag Mag Leana, ach mharaigh Conn ina leaba é Mogh, i rith ionsaí luathmaidne.[9]
Remove ads
Na Fianna
De réir foinse na meánaoise, rugadh an laoch Fionn mac Cumhaill i ré Choinn. Suiríoch Mhuirne, iníon an draoi Tadg mac Nuadat, ab ea a athair Cumall. Nuair a dhiúltaigh Tadhg é, d'fhuadaigh Cumhaill í. Chuaigh Conn i mbun cogaidh ina éadan agus maraíodh Cumhall ag Goll mac Morna sa Chath Cnucha. Bhí Muirne cheana féin torrach ámh, agus dhiúltaigh Tadhg í, ag ordú go ndóitear í. Theith sí chuig Conn, a chuir í faoi chosaint deartháir chéile Chumhaill, Fiacal mac Conchinn. Ba i tigh Fhiacail a thug sí a mac Deimne ar an saol, níos deireanaí athainmnithe Fionn.[10]
Agus é deich mbliana d'aois, tháinig Fionn go Teamhraigh agus put himself into Conn's service. Fuair sé an t-eolas go mealladh gach Samhain an t-ollphéist Aillen cách ina chodladh lena chuid ceoil, agus go ndódh sé an teach lena hanáil lasánta. Choinnigh Fionn ina dhúiseacht é féin á bhrú a cheann ar rinn a gha, agus mharaigh sé Aillen, agus tine Aillin coiscthe aige lena fhallaing draíochta. Cheap Conn é ina thaoiseach na bhFiann in ionad Ghoill.[11]
Remove ads
Bé Chuille
Tar éis bás Eithne Tháebfhota iníon Chathrach Mhóir, bean chéile Choinne,[12] tháinig Bé Chuille, bansidhe na dTuath Dé Danann, i láthair in Éirinn. Bhí sí tite i ngrá le hArt ó fhad i gcéin, agus chuaigh sí á lorg ina curach. Nuair a bhuail sí le Conn ámh agus tháinig ar an eolas gur bhaintreach fir é, ghéill sí é a phósadh ina ionad, ar an mbonn go ndíbrítear Art ó Teamhraigh ar feadh bliana. Mheas fir na hÉireann gur éagórach an breithiúnas seo, agus bhí gorta in Éirinn le linn na bliana sin. Fuair na draoithe amach gurbh ar Bhé Chuille an locht, agus d'fhógradar go dtuga an gorta chun críche le híobairt mhac lánúine gan pheaca os comhair na Teamhrach. Chuaigh Conn i gcurach Bhé Chuille ar lorg a leithéid de bhuachaill. Tháinig sé i dtír ar oileán iasachta de chrainn úill. Bhí mac of ag banríon an oileáin, toradh an t-aon chaidreamh collaí amháin a bhí aici. Dúirt Conn léi go sábhálfaí Éire dá rachadh a mac ag snámh i mara na hÉireann, agus ghéill sí.
Thóg Conn an gasúr ar ais go hÉirinn leis, ach nuair a d'éiligh na draoithe a bhás, mhionnaigh Chonn, Art agus Fionn mac Cumhaill é a chosaint. Ansin díreach, tháinig bean ina dtreo, ag seoladh bó agus ag iompar dhá mhála, agus d'íobair an bhó in ionad an bhuachalla. Osclaíodh na málaí: laistigh, bhí éan aonchosach i mála amháin, éan déchosach déag sa mhála eile. Throid an dá éan agus bhuaigh an t-aonchosach. Dúirt an bhean gur sheas an dáchosach feadh do na draoithe, agus an t-aonchosach bhuachaill, agus nocht sí í féin mar a mháthair. Dúirt sí le Conn go dtiocfadh an gorta chun críche dá ndíbreodh sé Bé Chuille, ach dhiúltaigh sé. I ndearadh na dála, ruaigeadh Bé Chuille as Teamhrach mar thoradh sraith dúshlán idir í féin agus Art i leith cluichí fichille.[13]
Remove ads
Teaghlach
Bhí beirt mhac ag Conn, Connla Dearg agus Art mac Cuinn. Thit Connla i ngrá le bansidhe as Mag Mell, agus chuaigh sé ann in éinneacht léi ina bád déanta as crystal boat, ag fágaint Airt ina Aonar < Aonfhear < Óenfir.[14]
Bás
I ndeireadh na dála, maraíodh Conn ag Tiobraid Tíreach, rí na nUladh. Insítear i Leabhar Gabhála agus sna hAnnála gur chloígh Tipraite é sa Chath Túath Amrois. Deir Seathrún Céitinn gur chuir Tiobraid caoga gaiscíoch gléasta mar mhná ó Eamhain Mhacha amach go Teamhraigh chun é a mharú. Tháinig a dheartháir chéile, Conaire Caomh, i gcomharbacht air mar Ard-Rí; rachadh in am trátha Art mac Coinn i gcoróin i gcomharbacht airsean.
Remove ads
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe, Marcus Aurelius (AD 161–180).
- Foras Feasa ar Éirinn: AD 116–136
- Annála na gCeithre Máistrí: AD 122–157.
Craobh ghinealaigh
Túathal Techtmar | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fedlimid Rechtmar | Cathair Mór | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conn Cétchathach | Eithne Tháebfhota | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Medb Lethderg | Art mac Cuinn | Achtan | Connla | Macnia mac Lugdach | Sadb | Ailill Aulom | Saruit | Conaire Cóem | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cormac mac Airt | Lugaid mac Con | Éogan Mór | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Connachta | Uí Néill | * | Uí Maine | Airgíalla | Connacht Elanesse | * | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Remove ads
Féach freisin
- Airne Fingein
- Baile in Scáil
- Cath Maige Leana
- Loathly lady
- Echtra Condla
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads