Damhna dorcha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ábhar é damhna dorcha sa Chruinne a chreidtear a bheith ann ach nach bhfuil sé aimsithe fós ag eolaithe. Is tríd an méid seo a leanas a thomhas a dhéantar amach an mhais a bhíonn i réaltra: luas na réaltaí ina bhfithisí thart ar lár an réaltra. Ar an tslí chéanna a fhaightear amach mais braisle réaltraí: .i. ó luas na réaltraí thart ar lár na braisle.
Trí na meastacháin sin a dhéanamh a fhaightear amach mais iomlán na Cruinne: is amhlaidh a bhíonn sí seo idir cúig huaire agus deich n-uaire chomh mór le suim mhais na réaltaí infheicthe sa Chruinne. Déantar amach dá bhrí sin go bhfuil an-chuid de mhais na Cruinne atá dofheicthe. Seans gur dúphoill agus abhacréaltaí donna atá i gcuid den damhna dorcha sin, agus meastar freisin gur féidir gur cáithníní fo-adamhacha nár aithníodh fós, an chuid eile de.
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Damhna dorcha.
| Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads