Dennis Bergkamp

imreoir sacair Ísiltíreach From Wikipedia, the free encyclopedia

Dennis Bergkamp
Remove ads

Is iarimreoir sacair ón Ísiltír é Dennis Nikolaas Maria Bergkamp (a rugadh in Amstardam ar an 10 Bealtaine 1969). Tosaí ab ea é do Ajax, Inter Milan agus Arsenal.

Thumb
Euro 1996
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Ajax

Ghlac sé ballraíocht san chlub Ajax nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois. D’imir sé a chéad chluiche don fhoireann ghairmiúil Ajax nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois. Bhuaigh sé

  • Chorn na hEorpa sa bhliain 1987,
  • an Eredivisie sa bhliain 1990 agus
  • an Corn UEFA sa bhliain 1992.

Bhí clubanna ar fud na hEorpa ag lorg Dennis Bergkamp tar éis an tréimhse a chaith sé ag imirt d’Ajax.

Milan

Ansin sa bhliain 1993 bhog sé go dtí an Iodáil chun imirt le Internazionale in Milan. Chaith sé dhá bhliain ag imirt d’Internazionale, ach níor éirigh go maith leis ann. Níor thaitin an stíl peile leis á imirt sa tír, toisc go raibh sé róchosantach.

Thumb
1989, Ajax

Arsenal

D’íoc Arsenal F.C. £7.5m as. Bhí sé i bhfad níos fearr ag imirt don fhoireann Arsenal ná Milan. Bhuaigh sé an príomhroinn faoi thrí (1997-98,2001-02,2003-04 agus an Corn FA ceithre uaire (1997-98, 2001-02, 2001-02, 2002-03, 2003-05). Bhí sé ina bhall de na “Invincibles an fhoireann Arsenal sa séasúr 2003-04 agus níor chaill siad cluiche amháin sa phríomhroinn ó thús deireadh na bliana.

Foireann náisiúnta na hÍsiltíre

D’imir sé don fhoireann náisiúnta na hÍsiltíre chomh maith. D’imir sé don chéad uair leis an bhfoireann sa bhliain 1990. D’imir sé i gcomórtas na hEorpa sa bhliain 1992.

D'imir sé sa Corn Domhanda sna Stáit Aontaithe i 1994. Sa chomórtas sin, fuair Dennis Bergkamp dhá cúil ach chaill an Ísiltír in aghaidh na Brasaíle ag an mbabhta cheathrú ceannais.

Chuaigh sé sna iomaíocht sa chomórtas Corn Domhanda sa bhliain 1998 sa Fhrainc chomh maith. Fuair sé cúl an-ghleoite agus tábhachtach in aghaidh na hAirgintíne sa bhabhta cheathrú ceannais. Shroich an Ísiltír an cluiche leath ceannais ach arís chaill siad in aghaidh na Brasaíle. Bhí ciceanna pionóis chun an comhrac a chur i gcrích.

Thumb
Remove ads

Ar scor

D’éirigh sé as an sacar sa bhliain 2006.

Ba leasbhainisteoir é d’fhoireann Ajax (2011-2017).

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads