Eacnamaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis (oikos, nó teach agus nomos, dlí). Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag.

Díríonn an eacnamaíocht ar iompar agus idirghníomhú na ngníomhairí eacnamaíocha agus conas a oibríonn an geilleagar. Ag teacht leis an bhfócas seo, is minic a dhéanann príomh-téacsleabhair idirdhealú idir micreacnamaíocht agus maicreacnamaíocht.
Anailísíonn an eacnamaíocht an geilleagar ar fad (a chiallaíonn táirgeadh comhiomlán, tomhaltas, coigiltis, agus infheistíocht) agus na saincheisteanna a dhéanann difear dí, lena n-áirítear, dífhostaíocht na n-acmhainní (saothair, caipiteal, agus talamh), boilsciú, fás eacnamaíoch, agus na beartais phoiblí a thugann aghaidh ar na saincheisteanna seo (beartais airgeadaíochta, fioscacha, agus eile).
Remove ads
Micreacnamaíocht
Scrúdaíonn an micreacnamaíocht iompar na n-eilimintí bunúsacha sa gheilleagar, lena n-áirítear gníomhairí aonair agus margaí, ar na hidirghníomhaíochtaí, agus torthaí na n-idirghníomhaíochtaí. D'fhéadfadh sin a bheith mar gníomhairí aonair, mar shampla; teaghlaigh, gnólachtaí, ceannaitheoirí, agus díoltóirí.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads