Euro

From Wikipedia, the free encyclopedia

Euro
Remove ads

Is é an euro[1] an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa[2] (siombail: ; cód ISO 4217 EUR).[3][4]

Fíricí Gasta Críocha infheidhme, Tréithe ...
Thumb
Siombail don euro

Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtaí san Eoraip ón Impireacht Rómhánach i leith.

Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an Cómhargadh Eorpach a aontú trí shaorthrádáil idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.

Remove ads

Limistéar an euro

Baintear feidhm as an euro i naoi mballstát déag de chuid an Aontais Eorpaigh (AE):

  1. an Bheilg,
  2. an Chipir,
  3. An Eastóin,
  4. Poblacht na hÉireann,
  5. an Fhionlainn,
  6. an Fhrainc,
  7. an Ghearmáin,
  8. an Ghréig,
  9. an Iodáil,
  10. an Ísiltír,
  11. An Laitvia,
  12. An Liotuáin,
  13. Lucsamburg,
  14. Málta,
  15. an Ostair,
  16. an Phortaingéil,
  17. an tSlóivéin,
  18. an tSlóvaic, agus
  19. an Spáinn.

Tugtar limistéar an euro ar an ngrúpa seo.

Riar an euro

Thumb

Is iad na forais a riarann an euro an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a riarann an euro, agus príomhoifig aige in Frankfurt am Main sa Ghearmáin, agus bainc cheannais na mballstát mar chuid den Eorachóras. An CEBC amháin a shocraíonn an beartas airgeadais. Tá an tEorachóras freagrach as bualadh, clóbhualadh agus dáileadh an euro agus riar na gcóras íoctha san eorailimistéar.

Chuir Conradh Maastricht na bliana 2002 iachall ar fhormhór na mballstát an euro a úsáid dá gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha airgeadais agus buiséid, cé nach ndearna na ballstáit uile amhlaidh.

Remove ads

Dearadh

Tá céad ceint san euro. Tá dhá thaobh ar na boinn: taobh coiteann a thaispeánann léarscáil agus luach an bhoinn forshuite uirthi, agus taobh náisiúnta a thaispeánann íomhá a bhaineann le tír ar leith. Is féidir bonn euro de chuid ballstáit ar bith a úsáid in aon bhallstát eile.

Thumb
Banc Ceannais Eorpach

Tá íomhá choiteann ar gach taobh de na nótaí: tá a dhath féin ar gach nóta, agus tréimhse áirithe d'ailtireacht na hEorpa á léiriú ann. Bíonn fuinneoga nó geataí ar aghaidh an nótaí agus droichid ar a chúl.

Rátaí

Shocraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh na bunrátaí malairte de réir molaidh a thug an Coimisiún Eorpach i bhfianaise rátaí margaidh ar 31 Nollaig 1998. Socraíodh gurbh ionann aon Ionad Eorpach Airgeadra (ECU4) amháin agus euro amháin. Níorbh airgeadra é an ECU féin ach ionad cuntasóireachta de chuid an AE agus é bunaithe ar airgeadraí na mballstát. Níorbh fhéidir an socrú a dhéanamh níos luaithe toisc go raibh an IEA taobh le ráta malairte deiridh na n-airgeadraí neamh-euro (go háirithe an punt steirling) an lá sin.

Thumb
Airgead saor in aisce ː beartas um éascú cainníochtúil ó 2015 ar aghaidh

Malartaíodh nótaí agus boinn na sean-airgeadraí ar an euro ar feadh timpeall dhá mhí go dtí 28 Feabhra 2002. An dáta a stad na hairgeadraí úd de bheith ina n-airgead dlíthairgthe bhí sé de réir na mballstát féin. Ó tugadh an euro isteach tá sé ar an airgeadra cúlchiste is coitianta ar domhan cé is moite den dollar Meiriceánach.

Remove ads

Buntáistí

Síleadh riamh gurb é an buntáiste is mó a bhainfeadh le hairgeadra aontaithe fáil réidh le costas malartaithe, rud a ligfeadh do lucht gnó tráchtáil a dhéanamh a bhí neamhthairbheach roimhe sin.

Bhíothas ag súil freisin go mbeadh margaí airgeadais i bhfad níos leachtaí ná mar a bhí. Thaispeáin iarsmaí éigin de ghábh airgeadais na bliana 2008, áfach, go bhféadfadh deacrachtaí ballstát amháin drochrian a fhágáil ar an gcóras uile, go háirithe i gcás na Gréige.

Remove ads

Stair

Ar 1 Eanáir 1999, seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa, in úsáid ar pháipéar in go leor oibríochtaí airgeadais. Ach nach raibh sé fós ar fáil in airgead tirim (nótaí bainc). Ar 4 Eanáir 1999, tháinig an euro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil. Tharla sé sin in Eanáir 2002.

Rátaí malairte

Thumb
Eurozone 2023
Thumb
Bancnótaí euro
Thumb
Boinn euro

Socraíodh rátaí malairte na n-airgeadraí náisiúnta leis an euro i dtíortha limistéar an euro ar an 31 Nollaig 1998.

Is ionann euro amháin agus:

Remove ads

Lasmuigh den AE

Úsáidtear an euro chun fiacha a íoc i dtíortha Eorpacha lasmuigh den AE, leithéidí Mhontainéagró agus na Cosaive.

An Franc na Fraince a bhí in úsáid i Monacó roimh theacht an euro, agus an lira a bhí á úsáid i San Mairíne agus i gCathair na Vatacáine agus i Andóra. As an euro a bhaintear feidhm sna tíortha úd anois, agus cead acu boinn euro dá gcuid féin a bhualadh, cé nach ballstáit den Aontas Eorpach iad.

Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads