François Fillon

Príomh-Aire na Fraince (2007-2012) From Wikipedia, the free encyclopedia

François Fillon
Remove ads

Is polaiteoir Francach a bhí ina Phríomh-Aire na Fraince ón mbliain 2007 go dtí 2012 atá i François Fillon. Ba bhall é den pháirtí RPR agus anois is ball é den UMP. Roimh an bpríomh-aireacht bhí sé ina ionadaí, aire, seanadóir agus ball de Conseil général (comhairle ghinearálta) de la Sarthe.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Toghadh Fillon don Assemblée nationale (parlaimint na Fraince) don chéad uair sa bhliain 1981. Ba Aire é idir 1993 agus 1997 i rialtais Edouard Balladur agus Alain Juppé.

Ceapadh mar Aire Saothair é sa bhliain 2002 i rialtas Jean-Pierre Raffarin. Ceapadh mar Aire Oideachais agus Taighde é sa bhliain 2004. Ní raibh sé páirteach i rialtas nua Dominique de Villepin sa bhliain 2005 ach toghadh é mar Sheanadóir don départment Sarthe. Ba chomhairleoir é do Nicolas Sarkozy agus é i mbun feachtais don toghchán uachtaránacha, agus cheap Sarkozy é mar Phríomh-Aire é ar an lá tar éis an toghcháin.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads