Frances Fitzgerald

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Frances Fitzgerald
Remove ads

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael í Proinséas Mhic Gearailt (Frances Fitzgerald de ghnáth) (a rugadh ar 1 Lúnasa 1950) a bhí ina Tánaiste agus ina hAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Bhí Fitzgerald ina TD de chuid Fhine Gael ar feadh breis is 20 bliain sular toghadh chun Parlaimint na hEorpa í in 2019.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Gairm

Bhí ina TD do cheantar Baile Átha Cliath Thiar-Meán ón mbliain 1992 go 2002.

Bhíodh sí ina ball den Seanad ar phainéal Pháirtí an Lucht Oibre ón mbliain 2007–11.

Bhí sí ina Tánaiste ó 2016 go dtí 2017. Níor ceapadh riamh ach ceathrar ban chun bheith ina dTánaistí (go dtí 2016) agus bhí Fitzgerald ar dhuine acu. Ina theannta sin, tá téarma tugtha aici mar an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (2017); an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (2014-17) agus bhí sí ar an gcéad Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ag an Stát (2011-14).

Ba Ffeisire de Pharlaimint na hEorpa do Chathair agus Contae Bhaile Átha Cliath í Fitzgerald agus bhí sí ina Leas-Uachtarán ar Ghrúpa PPE i bParlaimint na hEorpa. Toghadh Fitzgerald chun Parlaimint na hEorpa i mbliain a 2019 mar chuid de Thoscaireacht Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE). Bhí sí ina lánchomhalta den Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) agus den Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) agus ina comhalta ionadaíoch den Choiste um Fhorbairt (DEVE) agus den Choiste Fiosrúcháin maidir le hÚsáid Pegasus agus Earraí Spiaireachta Faireachais Comhchosúla. Lena chois sin, bhí Fitzgerald ina hurlabhraí ag PPE don Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads