Frank Stockwell

imreoir peil Ghaelach From Wikipedia, the free encyclopedia

Frank Stockwell
Remove ads

Ba pheileadóir Éireannach as Tuaim i gContae na Gaillimhe é Frank Stockwell a rugadh sa bhliain 1929 agus a fuair bás ar an 9 Márta 2009. D'imir sé le foireann peile na Gaillimhe sna caogaidí, ag buachaint Craobh na hÉireann leo sa bhliain 1956. Ghnóthaigh sé dhá chúl agus cúig chúilín i gcluiche ceannais na bliana seo, curiarracht a seasann fós do chluiche seasca nóiméad.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Proinsias Stockwell
Thumb
Eolas pearsanta
SpórtPeil
Ainm BéarlaFrank Stockwell
Dáta breithe1929
Dáta báis9 Márta 2009
Áit bhreitheTuaim, Contae na Gaillimhe
Airde
Leasainm
Eolas club
ClubRéalta Thuama
IonadLán tosaí
Club(anna)
ClubBliainCluichí (pointí)
Réalta Thuama1940idí - 1960idí
Idirchontae
Contae Gaillimh
Ionad Lán tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Gaillimh 1948 - 1960
Duaiseanna
Craobh Cúige Chonnacht 6
Craobh Peile Sinsearach na hÉireann 1
Sárimreoirí

Bhí Stockwell ar dhuine den bheirt ar a dtugtaí na "Terrible Twins", in éineacht le Seán Puirséil. Bhain an bheirt rath nach beag amach le foireann an chontae agus a gclub Réalta Thuama sna caogaidí.

Cailleadh Stockwell sa bhaile i dTuaim.


Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads