Gaibhne

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

I Miotaseolaíocht na nGael, gabha na dTuath Dé Danann ab ea Gaibhne (Sean-Ghaeilge Goibniu). Samhlaítear é chomh maith le haíocht/fáilteachas. Tá sé gaolta mhar sin le Gofannon na Breataine Bige agus Gobannus na nGallach.

Fíricí Gasta Cineál, Comhthéacs ...
Remove ads

Seanscéalta

Feictear ainm a athar sna téacsanna mar Esarg, agus mar Tuirbe Trágmar ('teilgeoir tuanna').[1]

Cuireadh Gaibhne go minic i dteannta le Creidhne, gabha airgid, agus Luchtaine, siúinéir, mar na Trí Dé Dána. Ghaibhnigh siad airm na dTuath Dé, a bheartaigh siad ina gcathanna in éadan na bhFomhórach. Mar mhalairt ar sin, cuirtear é i dteannta le Creidhne agus Dian Cécht, lia.[2] Mhúnlaigh sé lámh nua airgid do Nuada, tar éis a baineadh a lámh de i rith catha.[3] Rinne sé airm ar son na ndéithe freisin; sa Leabhar Gabhála na hÉireann, luaitear é mar "ní gan tairbhe i mbruithniú",[4] Deirtear go bhfuair seisean agus Dian Ceacht beirt bás de phlá nimhneach.[4]

Ba spidiléir na ndéithe é Gaibhne chomh maith. De réir Agallamh na Seanórach agus Altram Tige Dá Medar, chosnaíodh a chuid bia na Tuatha Dé ar thinneas agus ar sheanaois. Deirtear gurbh leis Glas Ghaibhneann, bó draíochta na nirt.

Sna hOrtha Naomh Gall,[5] d'impíodh Gaibhne agus Dian Ceacht beirt in éadan na deilge.

D'fhéadfadh é gurbh ionann Gaibhne agus Culann na Rúraíochta.

Remove ads

Sanasaíocht

Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm Goibniu fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge gobae[6] (gin. gobann) ‘gabha’, Breatnais gof (iol. gofein) ‘gabha’, Gaillis gobedbi ‘leis na gaibhne’, atá go léir gaolta leis an Liotuáinis gabija ‘tinteán beannaithe’, gabus ‘féithiúil, glic’.[7]

Féach freisin

Foinsí

Príomh-Foinsí

Fo-fhoinsí

  • James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads