Háítí

From Wikipedia, the free encyclopedia

Háítí
Remove ads

Tír is ea Poblacht Háítí atá suite ar oileán na hEaspáinneola sa Mhuir Chairib. Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, ach is fásteanga í caint na sráide (Criól Háítí) nach bhfuil intuigthe ag lucht labhartha na Fraincise caighdeánaithe. Tháinig an t-ainm féin AyitiHáítí as teanga na dTaino, na mbundúchasach a chuaigh in éag mar ghrúpa eitneach ar leith nuair a rinneadh coilíneacht sclábhaíochta den oileán.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Stair

Ba iad na Taino muintir bhundúchasach na hEaspáinneola, agus iad ag labhairt teanga den fhine teangacha atá ainmnithe as na hArawak. Ba é Criostóir Colambas an chéad Eorpach a chuaigh i dtír san Easpáinneoil, ar an 5 Nollaig, 1492, in áit a bhfuil Môle Saint-Nicolas inniu, in Iar-Thuaisceart Háítí. D'fhógair sé seilbh Rí na Spáinne ar an oileán, agus d'fhág sé dornán Spáinneach ar an oileán. Ní raibh fad saoil i ndán don chéad choilíneacht seo, "La Navidad" ("An Nollaig"), mar a thug na Spáinnigh uirthi. Nuair a tháinig Colambas ar ais, bhí na Spáinnigh go léir marbh, ó d'éirigh ina chogadh idir iad agus na bundúchasaigh. D'aistrigh Colambas ar an taobh thoir den oileán, áit ar chuir sé an chéad síol leis an bPoblacht Dhoiminiceach - coilíneacht La Isabela.

Nuair a bhí an chéad áitreabh Spáinneach bunaithe san oileán, thosaigh na Spáinnigh ag dúshaothrú na mbundúchasach ina gcuid poll mianaigh, ag baint óir agus airgid ghil as an talamh. Iad siúd nach raibh sásta toiliú leis an sclábhaíocht, mharaigh na Spáinnigh iad ar an toirt, sin nó d'éalaigh siad le fanacht ar a seachnadh sna cúlriasca. Tháinig galair na hEorpa go dtí an Easpáinneoil sna sálaí ag na Spáinnigh, agus shiúil éag mór ar na bundúchasaigh, ó nach raibh imdhíonacht acu ar na galair nua. Mar sin, ní raibh na Spáinnigh sásta leis na bundúchasaigh mar lucht oibre, agus chomh luath leis an mbliain 1517, thosaigh siad ag tabhairt isteach sclábhaithe ón Afraic. D'éalaigh cuid mhór Afracánach uathu, áfach, agus fuair siad dídean ag na bundúchasaigh dheireanacha. Mar sin, meascadh an dá chine seo trí chéile, agus is as an meascán sin a fáisceadh formhór mór mhuintir na hEaspainneola atá ann inniu.

Thosaigh na foghlaithe mara ag baint a ngaisneasa féin as an oileán, go háirithe na foghlaithe Francacha a dtugadh boucaniers orthu féin. Shocraigh cuid mhór boucaniers síos in iarthar an oileáin le dul le plandóireacht agus leis na tailte a mhíntíriú. Roimh an mbliain 1660, ní raibh siad sásta géilleadh do chumhacht na Spáinne, áfach, agus is iomaí trioblóid a tharraing siad dá réir.

Sa bhliain 1697, shínigh na Francaigh is na Spáinnigh conradh síochána i Ryswick (inniu, Rijswijk san Ísiltír), agus chuaigh críochdheighilt ar an Easpáinneoil. Fuair na Francaigh an leath Iartharach, agus bhaist siad Saint-Domingue uirthi. Bhí siúcra agus tobac á saothrú sa choilíneacht seo, agus an eacnamaíocht bunaithe ar an sclábhaíocht: na mílte sclábhaithe Afracacha ag obair ar mhaithe le daonra beag Francach.

Réabhlóid

Nuair a thosaigh an réabhlóid san Fhrainc, d'éirigh na sclábhaithe i Saint-Domingue míshuaimhneach freisin, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na Francaigh. Sa bhliain 1792, chuir rialtas na Fraince fórsa sluaíochta go Saint-Domingue leis an tsíocháin a chur ar bun ansin arís. Go gairid ina dhiaidh sin, d'ionsaigh na Sasanaigh an choilíneacht, nuair a d'éirigh ina chogadh idir Sasana agus an Fhrainc.[1]

Ansin, tháinig Toussaint d'Ouverture chun tosaigh. Iar-sclábhaí a bhí ann a chuir arm dá chuid féin i dtoll le chéile, agus d'éirigh leis ruaigeadh a chur ar na Sasanaigh agus ar na Spáinnigh araon.

Thumb
Kenscoff: fuadaíodh bean as Éirinn, Gena Heraty, ann in 2025
Remove ads

Polaitíocht

Sa 21ú haois, ní raibh an Stát in ann riail agus reacht a chaomhnú ar chor ar bith.[2][3]

D'éirigh cuid mhór den tír faoina smacht ag dronga armtha éagsúla. Coirpigh is ea iad nach bhfuil aon pholaitíocht acu ach atá ag tochras ar a gceirtlín féin. Mheas na Náisiúin Aontaithe gur dúnmharaíodh 3,141 duine ar a laghad i Háítí sa chéad leath den bhliain 2025. I mí Lúnasa 2025, fuadaíodh ó dhílleachtlann bean as Éirinn, Gena Heraty. As Cathair na Mart i gCo Mhaigh Eo í, agus stiúrthóir na dílleachtlainne L'orphelinat Sainte-Hélène i mbaile Kenscoff.[4][5]

Is beag an t-am agus an áit atá ann don pholaitíocht ar aon chor agus gan ag formhór an phobail ach ón lámh go dtí an béal idir dhá cheann an lae.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads