Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is comhlachas idirnáisiúnta í Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán nó International Organization for Standardization (ISO) le haghaidh socrú na gcaighdeán. Bunaíodh ar an 23 Feabhra 1947 í. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i nGinéiv na hEilvéise. Tá eagraíochtaí náisiúnta ó 157 tír ina mbaill den eagraíocht.
Remove ads
An t-ainm

Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise ίσος (isos), a chiallaíonn "ionann". I mBéarla, is é International Organization for Standardization ainm iomlán an fhorais, agus i bhFraincis tugtar Organisation internationale de normalisation air. Béarla agus Fraincis an dá theanga oifigiúla atá aige, agus mar sin bheadh acrainmneacha difriúla ag an eagraíocht, IOS as Béarla agus OIN as Fraincis, dá mbeadh acrainm ar leith á úsáid acu. Roghnaigh bunaitheoirí na heagraíochta an t-ainm céanna "ISO" mar fhoirm ghearr uilíoch den ainm. Curtha i gcartlann 2007-01-25 ar an Wayback Machine
Remove ads
Tagairtí
Nasc seachtrach
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads