Ian Smith
Príomh-Aire na Róidéise (1919-2007) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
8ú Príomhaire na Róidéise ab ea Ian Douglas Smith (a rugadh ar an 8 Aibreán 1919 in Selukwe, an Róidéis Theas agus a fuair bás ar an 20 Samhain 2007 i gCape Town, an Afraic Theas).


Remove ads
Gairm
Rugadh agus tógadh é in Selukwe, baile beag faoin tuath faoi choilíneacht na mBriotanach sa Róidéis Theas. Chuir Smith seirbhís isteach sa Dara Cogadh Domhanda in Aer-Fhórsa Ríoga na Breataine.
I ndiaidh dó céim a bhaint amach in Ollscoil Rhodes san Afraic Theas, cheannaigh sé feirm ina bhaile dhúchais sa bhliain 1948. Ansin toghadh é mar ionadaí do Selukwe i dTionól Reachtais na Róidéise. Ball de Pháirtí Liobrálach na Róidéise Theas a bhí ann; eisean an ball ab óige i bparlaimint na Róidéise nuair a toghadh é den chéad uair.
D'oibrigh Smith sa rialtas i gcoilíneacht na Róidéise Theas, i gCónascadh na Róidéise agus na Niasalainne, i bPoblacht na Róidéise, sa tSiombáib-Róidéis agus sa tSiombáib sna blianta 1948–1987, go háirithe mar phríomh-aire ar an Róidéis ó 13 Aibreán 1964 go dtí an 1 Meitheamh 1979.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads