Feithid
aicme inveirteabrach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Artrapód a bhaineann leis an rang orgánach is mó éagsúla atá beo ar domhan is ea feithid.[1][2]

Remove ads
Tréithe
De réir cineáil,[2]
- Dhá adharcán ar an gceann agus dhá shúil chumasctha.
- Dhá chos ar gach ceann de na 3 theascán den tóracs,
- Dhá sciathán ar an dá theascán dheireanacha.
- Na hoscailtí giniúnacha ag cúl an bhoilg
- Eiseachnámharlach, is é sin go mbíonn sliogán crua ar an taobh amuigh seachas cnámha inmheánacha mar a bhíonn ag mamaigh agus éin. Bíonn trí chuid sa cholainn, an ceann le péire adharc, an tóracs a bhfuil trí phéire cos air, agus an abdóman.
Remove ads
Gnáthóg
Meastar go bhfuil 1,000,000 speiceas ar a laghad ann.
Fuarthas iontaisí feithidí ón tréimhse Dheavónach, timpeall 345-400 milliún bliain ó shin. Bíonn gnáthóga éagsúla ag feithidí, agus tá siad tábhachtach chun plandaí a phailniú, mar lotnaidí, is mar iompróirí galar.
Is iad na ciaróga na feithidí is coitianta agus is forleithne ar domhan, an ceathrú cuid de speicis bheo an domhain ar fad. Is beag cineál a mhaireann sa bhfarraige ach tá siad beagnach gach áit eile. Bíonn a lán acu níos lú ná 1 milliméadar ar fhad. Bíonn siad uafásach líonmhar: Thomhais saineolaí sa Bhreatain go raibh 400 milliún feithidí ina gcónaí ar acra amháin talún in aice le Cambridge i 1943.
Remove ads
Féach freisin
- Foiche, aifid, bádóir uisce, blatóg choiteann, boghdóir, caipsid, céitidid, ciaróg, ciocáid,cipíneaeh, cuil Bhealtaine, cuileog, dreancaid, dreoilín teaspaigh, duiIlíneach, earr ghuaireaeh, féileacán, feithid ghainneach, feithid leaice, feithiditeach ...
- Feithideolaíocht
- Adharcán (artrapóid)
- Feithidicíd
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads
