Irène Joliot-Curie
eolaí Francach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ceimiceoir, fisiceoir agus polaiteoir Francach ab ea Irène Joliot-Curie (12 Meán Fómhair 1897 – 17 Márta 1956) an iníon ba shine le Pierre Curie agus Marie Skłodowska - Curie, agus bean chéile Frédéric Joliot - Curie. I gcomhpháirt lena fear céile, bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar Joliot- Curie sa bhliain 1935 as a bhfionnachtain ar an radaighníomhaíochta ionduchtaithe, rud a fhágann gurb iad an dara lánúin phósta riamh (i ndiaidh a tuismitheoirí) a bhuaigh Duais Nobel, agus iad ag cur le hoidhreacht teaghlaigh Curie de chúig Dhuais Nobel. D'fhág sin gurb iad na Curie na buaiteoirí Ghradam Nobel is mó go dtí seo. Bhí sí freisin ar dhuine den chéad triúr ban a bhí ina mball de rialtas na Fraince, agus d'éirigh sí ina fo-rúnaí do Thaighde Eolaíochta faoin bhFront populaire sa bhliain 1936. Eolaithe mór le rá iad Hélène agus Pierre, beirt pháistí Joliot-Curie.
Sa bhliain 1945, bhí sí ar dhuine den seisear coimisinéirí ar Le Commissariat à l'énergie atomique et aux énergies alternatives (CEA) a chruthaigh de Gaulle agus Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince (Gouvernement provisoire de la République française.
Fuair sí bás i bPáras ar an 17 Márta 1956, de bharr na leoicéime géire a bhí nasctha lena nochtadh do pholóiniam agus X-ghathanna.Leoicéime ba thrúig bháis di.[1]
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads