Isabelle Pierre

amhránaí Ceanadach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Amhránaí agus láithreoir ó Québec is ea Isabelle Pierre (née Nicole Lapointe) (rugadh 9 Meitheamh 1944).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Tharraing Isabelle Pierre clú uirthi féin mar amhránaí in Québec sna 1960í agus i dtús na 1970í. Níor fhan sí i mbun na hamhránaíochta ar feadh i bhfad agus d’éirigh go maith léi, go háirithe de bharr na n-amhrán a thug an scríbhneoir Stéphane Venne di.

I 1963 thaibhrigh sí i gclubanna ceoil agus ghlac páirt i gcomórtais d’amhránaithe amaitéaracha. D’eisigh sí albam i 1965 a raibh fáilte mhór roimhe. I 1969 rinne sí conradh le Barclay Records (Ceanada) agus bhuail le Stéphane Venne, scríbhneoir a sholáthair a lán amhrán cheana do Renée Claude.

Bhí rath mór ar a cuid ceolchoirmeacha sna 1970í agus ar na dioscaí a chuir sí amach. I 1974 tháinig a halbam deireanach, J'm'appelle Nicole Lapointe, amach (bhí socair aici ar iompú arís ar a hainm baiste), ach ní raibh an sean-rath air. D’éirigh sí as an amhránaíocht ina dhiaidh sin agus chuir amach a cuid amhrán ar dhlúthdhioscaí i 1997 agus i 2004.

Remove ads

Albaim

  • 1965 : Isabelle Pierre, Volume 1 (Disques Sélect) (atheisúint 2013, Musicor)
  • 1971 : Heureuse (Barclay)
  • 1972 : Le temps est bon (Barclay)
  • 1973 : Ballade pour Sergio Leone - Les grands succès d'Isabelle Pierre (Barclay)
  • 1974 : J'm'appelle Nicole Lapointe (Barclay)

Cnuasacha

  • 1997 : Les refrains d'abord
  • 1997 : Collection Portrait
  • 2004 : Isabelle Pierre

Le cloisteáil

  • Isabelle Pierre - Les enfants de l'avenir (1970)
  • Isabelle Pierre - Évangéline (1971)
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads