Johan Huizinga
staraí Ísiltíreach (1872-1945) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Staraí Ollannach a bhí i Johan Huizinga a chuir tús leis an stair chultúrtha mar chraobh léinn ar leith. Rugadh in Groningen é ar an 7 Nollaig 1872, agus fuair sé bás i mbraighdeanas Naitsíoch ar an 1 Feabhra 1945. Bhí tuiscint aeistéitiúil aige ar an stair, agus é ag cur béime ar an dráma agus ar an seó mórthaibhseach mar eochair do mheon na ndaoine a mhair fadó.
Is féidir an tuiscint seo a aithint sa mhórleabhar a scríobh sé faoi dheireadh na Meánaoise, Herfsttij der Middeleeuwen ("Fómhar na Meánaoise" nó "Ag Druidim chun Deiridh don Mheánaois" - The Waning of the Middle Ages agus The Autumn of the Middle Ages atá ar na haistriúcháin Bhéarla). Is é an leabhar seo is mó a shamhlaítear le hainm Huizinga inniu, ach scríobh sé a lán eile freisin, ar nós Homo ludens ("An Duine ag Súgradh", nó saothar staidéir ar ról an tsúgartha is an chluiche sa chultúr) agus Erasmus, beathaisnéis Erasmus ó Rotterdam.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads