Lá Bloom
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ócáid cheiliúrtha chultúrtha bhliantúil ar 16 Meitheamh is ea Lá Bloom (nó Lá Fhéile Bloom, Lá 'le Bloom, Lá Blúm scaití) (Bloomsday as Béarla). Déantar ceiliúradh agus athachtú ar an lá seo ar na heachtraí a thiteann amach san úrscéal Ulysses le James Joyce, ar 16 Meitheamh 1904. Is i mBaile Átha Cliath is mó a bhíonn na himeachtaí seo ar siúl, os rud é gur ansin atá an t-úrscéal suite. Tógadh ainm na hócáide ó shloinne phríomhcharachtar an úrscéil, Leopold Bloom. Bíonn leithéidí bricfeastaí, siúlóidí, léamhanna den leabhar is cuir i láthair dhrámatúla ar siúl.
Remove ads
Naisc sheachtracha

Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Bloomsday.
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads