Leon Trotscaí

réabhlóidí Marxach Rúiseach (1879–1940) From Wikipedia, the free encyclopedia

Leon Trotscaí
Remove ads

Ba réabhlóidí Boilséiveach agus Marxach é Leon Trotscaí (Rúisis: Лев Давидович Троцкий, Béarla: Leon, Leo, Lev, Trotsky, Trotskii, Trotski, Trotskij agus amanta Trotzky), (7 Samhain, 1879 - 21 Lúnasa, 1940). As an Úcráin dó, rugadh leis an ainm Lev Davidovich Bronstein é (Rúisis: Лев Давидович Бронштейн).

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Thumb
Leon Trotscaí, sa bhliain 1929.
Remove ads

Réabhlóid agus cumhacht

B'iad Léinín, Trotscaí agus an páirtí Boilséiveach a ghlac an chumhacht chuige féin sa bhliain 1917 (Réabhlóid na Rúise). Bhí siad i mbun an rialtais sealadach, agus iad ag tabhairt le fios go raibh siad ag gníomhú ar mhaith leis an lucht oibre.

Ceannaire tábhachtach ab ea é go luath in Aontas na Sovéide.

Bhunaigh Trotscaí an tArm Dearg.

Bhí coimhlint idir Trotscaí agus an ceannaire nua, Iósaf Stailín sna 1920idí. Mar thoradh, cuireadh an ruaig air as an rialtas ar dtús (Deireadh Fómhair 1927), agus díbríodh Trotscaí as an Rúis i mí Feabhra 1929.

Thumb
Remove ads

Fealsúnacht

San Idirchlár[1][2], cáineann Trotscaí an seanmhodh a bhíodh, agus atá go fóill, ag na páirtithe sóisialta daonlathacha, an dóigh a mbíonn siad sásta leasuithe taobh istigh de theo- rainneacha an chórais chaipitligh a iarraidh, gan dúshlán an chórais a thabhairt[3].

Thumb
Thug Trotsky tréimhse mhírathúil san arm, раскрашенная фотография, 1925

Deoraíocht agus feallmharú

Nuair a díbríodh é i mí Feabhra 1929, chuaigh Trotscaí go dtí na Tuirce agus bhí cónaí air ann idir 1929-1933.

Thumb
1930idí

Bhí cónaí air san Fhrainc ó 1933 go dtí 1935 agus san Iorua idir 1935 agus 1937. Chuir rialtas na hIorua amach ón tír é sa bhliain 1937.

Fuair Trotscaí cead fanacht i Meicsiceo.

D'ionsaigh Ramón Mercader, spiaire na Rúise, é ar an 20 Lúnasa 1940, le piocóid oighir. Fuair Trotscaí bás an lá dár gcionn.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads