Locarbaidh

áit lonnaithe in Albain From Wikipedia, the free encyclopedia

Locarbaidh
Remove ads

Is baile i gComhairle Dhùn Phris is Ghall-Ghàidhealaibh, in iardheisceart na hAlban, é Locarbaidh[1] (nó Logarbaidh). Tá an baile 20 míle slí ón teorainn le Sasana agus 75 míle ó Ghlaschú. Ar an 21 Nollaig, 1988, fuair 11 duine ar an mbaile bás nuair a phléasc gníomhairí Libiacha Eitilt 103 de chuid Pan Am agus an t-eitleán os cionn Locarbaidh. Fuair gach duine ar an eitleán bás. "Feirm Locker" an chiall atá le hainm an bhaile i dteanga na Lochlannach a chuir fúthu i Locarbaidh. Tá iarsmaí de champa Rómhánach timpeall is míle ón mbaile. Bhí 4,009 duine ina gcónaí i Locarbaidh sa bhliain 2001.

Fíricí Gasta Suíomh, Daonra ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads