Ludwig II na Baváire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bhí Ludwig (Laoiseach) Friedrich Wilhelm II (25 Lúnasa 1845 – 13 Meitheamh 1886), ina Rí ar an Bhaváir ó 1864 go dtí go bhfuair sé bás. Tugadh na leasainmneacha Mad King Ludwig (Laoiseach Craiceáilte) air as Béarla agus Märchenkönig (Rí na bhFinnscéalta) air as Gearmáinis.

Tá clú agus cáil air mar gheall ar an mbealach aisteach a bhí leis, agus mar go raibh an-suim aige i gcaisleáin ar stíl na Meánaoise, amhail Neuschwanstein, a spreag an tsamhlaíocht don chaisleán in 'Sleeping Beauty' ag Disney. Pátrún na gceoltóirí ba ea Ludwig. Mar shampla, nuair a bhí Wagner báite i bhfiacha ar fhilleadh ón deoraíocht, chuir sé aithne ar Ludwig.[1]

Is é a bhí ina Rí ar an mBaváir nuair a aontaíodh an Ghearmáin in aon tír amháin sna 1870idí, agus ní róshásta a bhí sé faoi ach oiread.
Feallmharaíodh Ludwig ar 13 Meitheamh 1886, is cosúil (tá roinnt tuairimí faoi ag dul thart).
Tar éis a bháis, thángthas ar phleananna dá lán caisleán eile nár thóg sé.
Remove ads
Féach freisin
- Caisleán Neuschwanstein
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads