Máire Nic Shiubhlaigh

ban-aisteoir From Wikipedia, the free encyclopedia

Máire Nic Shiubhlaigh
Remove ads

Ban-aisteoir agus gníomhaí poblachtánach Éireannach ab ea Máire Nic Shiubhlaigh (8 Bealtaine 1883 9 Meán Fómhair 1958).[1] Thosaigh sí ag aisteoireacht agus í fós ina déagóir; bhí páirt aici sa chéad dráma a léiríodh i nGaeilge in Éirinn. Bhí sí ar bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach agus ise sa phríomhról mná ar oíche oscailte na hamharclainne sa bhliain 1904, mar atá in Cathleen Ni Houlihan, an dráma úd de chuid W. B. Yeats. Ní ba dhéanaí bhí sí ina ball d'fhoireann Amharclann na hÉireann, a chuidigh sí a chur ar bun.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

A luathshaol

Rugadh Nic Shiubhlaigh mar Mary Elizabeth Walker Sráid Charlemont, Baile Átha Cliath do theaghlach náisiúnaíoch a raibh an Ghaeilge acu mar theanga. B'as Contae Cheatharlach a hathair, Matthew, cé gurb as Contae Chill Chainnigh a mhuintir. Clódóir agus foilsitheoir eisean a bhí i gceannas ar an Gaelic Press. Gúnadóir as Baile Átha Cliath a bhí i máthair Mháire. D'fhás Máire aníos i 56 High Street sna Saoirsí in Áth Cliath.[2][3]

Chuaigh sí le Conradh na Gaeilge thart ar 1898 mar ar tháinig sí i dteagmháil le Arthur Griffith agus William Rooney.[4] Le cabhair ó bheirt dhíograiseoirí an stáitse, William agus Frank Fay, d'éirigh sí páirteach i ngrúpa drámaíochta darbh ainm Inghinidhe na hÉireann. Sa bhliain 1901, ghlac an grúpa páirt i bhfeis le dhá dhráma, Tobar Draoidheachta leis an Athair Ó Duinnín agus Red Hugh le Alice Milligan. Chuaigh aisteoireacht bhaill an ghrúpa amaitéirigh i bhfeidhm ar bheirt a bhí i láthair, George Russell (AE) agus W. B. Yeats. Chuir Russell, a bhí i ndiaidh a dhráma miotais Deirdre a thairiscint do na deartháireacha Fay, ina luí ar Yeats a dhráma tírghrá Cathleen Ni Houlihan a thairiscint do na mná.

Thumb
Póstaer i gcomhair chéadléiriú Cathleen Ni Houlihan agus Nic Shiubhlaigh sa phríomhról
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads