Mary O'Rourke

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Mary O'Rourke
Remove ads

Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil agus aire rialtais ba ea Mary O'RourkeMáire Uí Ruairc (31 Bealtaine 1937 - 3 Deireadh Fómhair 2024). Mí na Samhna 1982 a toghadh Mary O'Rourke don Dáil den chéad uair, agus bhí sí ina haire agus ina haire stáit i rialtais éagsúla faoi Charles Haughey, Albert Reynolds agus Bertie Ahern.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Gairm

Teachta Dála a bhí ina n-athair, Patrick Lenihan. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ba muintir Lenihan. Ba deirfiúr í leis an iarAire Rialtais Brian Lenihan Mór a bhásaigh i 1995 agus aintín le Brian Lenihan Óg a d'éag in 2012. Múinteoir scoile ab ea Mary O'Rourke sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.[2] Toghadh Mary O'Rourke chun na Dála den chéad uair i ndáilcheantar an Longfoirt-na hIarmhí i 1982 mar Theachta Dála le Fianna Fáil. Toghadh arís í go leanúnach go dtí gur chaill sí a suíochán in olltoghchán 2002.

Ba í leas-ceannaire Fhianna Fáil ó 1994 go dtí 2002.

Ba é an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh a cheap ina hAire Oideachais í (1987-1991) agus ina hAire Sláinte (1991-1992). Dhún O'Rourke Coláiste Oideachais Dhún Chéirí, nó Carysfort College, sa bhliain 1988, rud a tharraing scannal ollmhór.[3] I 1992, chuaigh Albert Reynolds i gcomharbacht at Chathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Dhíbir sé O’Rourke as an rialtas.[4]

Thumb
Coláiste Oideachais Dhún Chéirí
Thumb
Telecom Éireann

Ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach i 1997 agus cheap seisean ina hAire Fiontar Polblí í i ndiaidh an olltoghcháin i samhradh na bliana sin. Ba sa ról sin a shocraigh Mary O'Rourke ar Telecom Éireann a phríobháidiú i 1999. Mhol sí do dhaoine scaireanna a cheannach sa chomhlacht príobháidithe ach chaill a lán daoine a lán airgid mar gheall ar an gcomhairle sin.[5]

Chaill Mary O'Rourke a suíochán san olltoghchán in 2002. Ceapadh chun an tSeanaid í ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse mar cheannaire Fhianna Fáil sa Seanad ó 2002 go dtí 2007, nuair a d'éirigh léi suíochán Dála a bhuachan arís in Olltoghchán 2007. D'fhan sí sa Dáil go dtí 2011, tráth a d'éirigh sí as an bpolaitíocht.

Bhásaigh fear céile Mary O'Rourke, Enda, in 2001. Bhí beirt mhac aici, Feargal agus Aengus, agus a gclanna siúd, seisear garpháistí.[5]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads