An Mháirt

From Wikipedia, the free encyclopedia

An Mháirt
Remove ads

Is í an Mháirt an lá sa tseachtain atá idir Dé Luain agus Dé Céadaoin.

Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...

Tugtar Máirt na hInide ar an Máirt úd roimh an chéad lá den Charghas i bhféilire Chríostaí na hÉireann. Tugtar Mardi Gras nó Máirt Ramhair uirthi i dtíortha éagsúla.

Is ar an Mháirt, de ghnáth, a bhíonn na toghcháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tarlaíonn toghcháin feidearálacha Dé Máirt tar éis an chéad Luan i Mí na Samhna, bunaíodh an dáta sin sa dlí mar lá an olltoghcháin don tUachtarán in 1845 do Theach na dTeachtaí in 1875 agus don Seanad i 1914. Ní bhíodh an Mháirt oiriúnach don chuid is mó de na daoine sa 19ú haois mar gheall ar an taisteal. I mórán stáit Méiriceánacha, tarlaíonn na réamhthoghchán uachtaránachta ar [[Super Tuesday] ('Sár-Mháirt').

Sna Stáit Aontaithe, tugtar Black Tuesday ('Máirt Dubh') ar an 29 Deireadh Fómhair, 1929, an lá ar thosaigh an stocmhargadh Meiriceánach ag titim anuas i 1929.

Sa domhan Gréagach, is lá mí-ádhúil an Mháirt (gabhadh Constainteanópal ar an lá sin). Tá an rud céanna fíor i dtíortha eile na Meánmhara - tá an seanfhocal seo acu: En martes, ni te cases ni te embarques ( "Ná pós agus ná tosaigh turas Dé Máirt".

Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads