Méabh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Banríon Chonnacht sa Rúraíocht is ea Méabh (sean-Ghaeilge: Medb, meán-Ghaeilge: Meḋḃ, Meaḋḃ nó Meadhbh sa luath-Ghaeilge nua-aimseartha, Méibh leagan eile sa Nua-Ghaeilge). Sna scéalta is mó cáil, tá Banríon Méabh pósta le hAilill mac Máta agus tá a cúirt ríoga suite i Ráth Cruachan, Contae Ros Comáin an lae inniu. Tá fir chéile eile aici sna scéalta, ríthe Chonnacht eile an chuid is mó dóibh. An namhaid is mó atá aici ná a hiarfhear chéile agus rí Uladh Conchúr mac Neasa agus briseann an Táin Bó Cúailnge amach eatarthu nuair a dhéanann Méabh iarracht an tarbh is fearr in Ulaidh a ghoid.[1]

Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads