Maigh Eo (Dáilcheantar)

From Wikipedia, the free encyclopedia

Maigh Eo (Dáilcheantar)
Remove ads

Is Dáilcheantar 5 suíochán é Maigh Eo. Sa bhliain 2024, bhí vótóirí in oirdheisceart an chontae idir Conga agus Sruthair, a bhí i dtoghlach Ghaillimh Thiar go dtí 2020, fillte ar Mhaigh Eo don toghchán seo agus suíochán breise le líonadh dá bharr.

Fíricí Gasta Suíomh, Sonraí stairiúla ...

Is minic a chloistear Rose Conway-Walsh (SF), arb as ceantar Béal a’ Mhuirthead di agus Dara Calleary (FF), arb as Béal an Átha dhó, faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta.[1]

Thumb
Rose Conway-Walsh, 2020, SF
Thumb
Dara Calleary, FF, 2023
Remove ads

Toghcháin

Olltoghchán 2016

In Olltoghchán 2016, toghadh Enda Kenny (FG), Dara Calleary (FF), Lisa Chambers (FF), agus Michael Ring (FG)

Olltoghchán 2020

In Olltoghchán 2020, toghadh Michael Ring (FG), Dara Calleary (FF), Alan Dillon (FG) agus Rose Conway-Walsh (SF). Bhí Ring (FG) ó Chathair na Mart, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,796 vóta. Sa toghchán in 2020 bhí 40% den vóta ag Fine Gael.

Olltoghchán 2024

In Olltoghchán 2024, bhí seisear déag iarrthóirí ainmnithe, ina measc na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Rose Conway-Walsh (SF); an t-aire Stáit Dara Calleary (FF) agus an t-aire Stáit Alan Dillon (FG). Sheas Michael Ring (FG) siar, ach bhí FG sa tóir ar thrí shuíochán fós.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh Keira Keogh (FG) agus Paul Lawless (Aontú) agus atoghadh in 2024 Dara Calleary (FF), Alan Dillon (FG) agus Rose Conway-Walsh (SF).

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads