Mamach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is éard is mamach ann ná ball den fhofhíleam Vertebrata (san fhíleam Chordata). Tá saintréithe faoi leith acu mar a leanas; faireoga allais, faireoga allais modhnaithe i gcór bainne a tháirgeadh (bíonn bainne ag an máthair le tál ar an gceann óg), gruaig nó fionnadh, trí chnámh sa chluas láir, agus réigiún neocoirtéise san inchinn.
Beobhreithtear mamaigh, ach tá na monaitréimigh eisceachtúil i measc na mamach mar go n-ubhbhreithtear iad. Bíonn fiacla sainfheidmeacha ag mór chuid díobh, agus sa ghrúpa is mó, na mamaigh phlacainteacha, úsáidtear placaint nó broghais le linn na tréimhse iompair.
Rialaíonn an inchinn mhamach imoibriú inteirmeacha agus an córas imshruthaithe, maille le croí ceithre urrann.
Remove ads
Féach freisin
Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads