Maputo

príomhchathair Mhósaimbíc From Wikipedia, the free encyclopedia

Maputo
Remove ads

Is cathair í Maputo, príomhchathair Mhósaimbíc agus an chathair is mó sa tír. Tá Maputo suite ar an Aigéan Indiach. Tá rian ré na coilíneachta fós le feiceáil go láidir air. Tá cuid mhaith den chathair cosúil go leor le cathracha na Portaingéile. Sa bhliain 2007, bhí 1,766,184 duine ina gcónaí i mórcheantar na cathrach.

Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...
Thumb
An calafort i Maputo

Téann fréamhacha na cathrach siar go dtí na chéad chuairteanna a thug taiscéalaithe ón bPortaingéil san áit ag tosnú sa bhliain 1544. Scrios bundúchasaigh an réigiúin na dúnfoirt agus tithe trádála a bhunaigh na Portaingéalaigh ann. Faoin bhliain 1850, bhí baile Portaingéalach seasmhach ar siúl acu. Lourenço Marques ainm an bhaile anuas go dtí Feabhra, 1976 nuair a athbhaisteadh an chathair Maputo as an Abhainn Maputo. Bhí a neamhspleáchas bainte amach ag an Mósaimbic i mí Mheithimh, 1975. D'imigh breis is ceathrú milliún duine de shliocht Portaingéalach agus Eorpach ó Maputo go gairid ina dhiaidh sin.

Baineann cuid mhór de gheilleagar Maputo leis an bport. Táirgtear stroighin, rubar, earraí potaireachta, bróga agus troscán sa chathair chomh maith.

Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads