Michael McCarthy

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chorcaigh Thiar-Theas é Michael McCarthy (Gaeilge: Mícheál Mac Cárthaigh) (rugadh é ar 15 Samhain 1976).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus bhí sé ina TD 2011-2016. Iarbhall de Sheanad Éireann é agus céadthoghadh chuig an oifig sin sa bhliain 2002 é, agus atoghadh é in 2007 ar phainéal an Lucht Oibre.

Is as Dúnmaonmhuí in iarthar Chorcaí dó ó dhúchas, agus leag sé cos ar thairseach na polaitíochta i gcéaduair in aois a 22 bliana trí shuíochán a ghnóthú ar son Pháirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Chontae Chorcaí i limistéar toghcháin an Sciobairín.

Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads