Microsoft

From Wikipedia, the free encyclopedia

Microsoft
Remove ads

Is é Microsoft an comhlacht bogearraí is mó ar domhan. Tá ceanncheathrú an chomhlachta lonnaithe in Redmond, Washington, SAM.

Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Remove ads

Táirgí

Tá bogearraí Microsoft le fáil i bhformhór na ríomhairí pearsanta ar domhan. Tá Microsoft ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhain i margadh na gcóras oibriúcháin, trí chóras Windows agus trí Microsoft Office go háirithe. I measc na dtáirgí a chuireann Microsoft ar fáil tá an próiseálaí focal Microsoft Word, an scarbhileog Microsoft Excel, an pacáiste taispeántais Microsoft Powerpoint agus an bunachar sonraí Microsoft Access.

Thumb
Satya Nadella, Príomhfheidhmeannach Microsoft sna 2020idí
Remove ads

Stair

Bhunaigh Paul Allen agus Bill Gates an comhlacht sa bhliain 1975.

Sa bhliain 2022, bhí timpeall 220,000 fostaí ag Microsoft ar fud an domhain.[1] In 2023, áfach, bhí an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus bhí oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí ríomhaireachta is mó. D’eascair an méid sin as an rófhás a tháinig ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta sna blianta roimhe sin.

I dtús na bliana 2023, bhí sé beartaithe ag Microsoft níos mó ná 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain.[2] Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Satya Nadella "go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, ach an t-am céanna go raibh siad ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh air".[3]

Thumb
Microsoft in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath
Thumb
Microsoft in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath
Remove ads

Microsoft in Éirinn

Tá ceanncheathrú Eorpach Microsoft lonnaithe in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath.

Bhí breis agus 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn roimh 2023 - idir na ranna oibríochtaí, díolacháin, innealtóireachta agus forbartha táirgí.[2] D'fhógair an comhlacht i dtús na bliana 2023 go raibh sé i gceist aige 180 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.[3]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads