Monica Barnes
polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is bean Éireannach í Monica Barnes. Rugadh í ar an 12 Feabhra 1936 i gCarraig Mhachaire Rois i gContae Mhuineacháin i Cúige Uladh agus fuair sí bás ar 2 Bealtaine 2018 i Gleann na gCaorach, i mBaile Átha Cliath. Bhí Monica ina polaiteoir Fine Gael agus bhí sí ina dTeachta Dála don dáilcheantar Dún Laoghaire ó 1982 go dtí 1992 agus 1997 go dtí 2002. Bhí sí ina seandaóir don panéil Labour ó mhí Feabhra 1982 go dtí Samhain 1982 agus bhí sí mar bhall den Comhairle den Stáit ó 1991 go dtí 1995. Bhí Barnes ina feimineach agus ina gníomhaí cearta mban a chomhbhunaigh an Chomhairle um Stádas na mBan (Comhairle Náisiúnta na mBan anois).
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Remove ads
Luathshaol
Rugadh Monica Barnes ar 12ú Feabhra 1936 i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin. Ceardchumannaí ba ea é athair Monica a bhí ag obair i Monarcha Thionscail Gypsum i nDún an Rí, Co. an Chabháin. DFhreastal sí ar gClochar Louis, i gCarraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin, scoil chónaithe ar bhain sí scoláireacht comhairle contae léi.Theip uirthi i scrúdú Mata na hArdteistiméireachta, rud a chiallaigh nach raibh sí in ann dul ar aghaidh chuig an ollscoil. D’oibrigh sí i Londain mar chléireach i Stocmhalartán Londan. Tar éis dí filleadh ar Éirinn, phós sí Bob Barnes agus bhog an lánúin go Ráth Naíonáin, Baile Átha Cliath. Bhí beirt iníonacha agus mac ag Barnes.Tar éis breith a céad linbh, dúirt sí níos déanaí go raibh dúlagar iarbhreithe uirthi, riocht nár aithníodh go mór in Éirinn ag an am. Dúirt a dochtúir léi "tú féin a tharraingt le chéile". Ina dhiaidh sin bhunaigh sí grúpa tacaíochta do mhná a bhfuil an ríocht orthu agus thosaigh sí ag cur spéise i gcomhionannas agus i gCearta na mban.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads