Murchadh MacPhàrlain

scríbhneoir Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Rugadh agus tógadh Murchadh MacPhàrlainBàrd Mhealaboist, i Mealaboist, sráidbhaile beag in aice le Steòrnabhagh, san Eilean Leòdhais. Ar scoil, d’fhoghlaim sé Béarla, Laidin agus roinnt Fraincise ach ní bhfuair sé oideachadh trí Ghaeilge riamh. 

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Chuaigh Murchadh ag obair don Tiarna Leverhulme, ar chuid de na scéimeanna a bhunaigh sé ar Eilean Leòdhais, ach nuair a theip air sin, ar nós na mílte eile, chuaigh sé ar imirce go Ceanada. Chaith sé roinnt blianta i Manitoba, áit nár thaithin leis, agus d'fhill sé ar ais abhaile i 1932. Rinne sé a sheirbheis náiseanta idir 1942 agus 1945.

Chaith sé an chuid eile dá shaol i Leòdhas ag obair mar chrochtóir. Níor phós sé riamh.

Tríd an scríbhneoireacht, cuireann Murchadh síos ar an mhéid a chonaic sé agus a d’fhulaing sé féin, i Leòdhas, i gCeanada agus i mblianta an chogaidh.

Fuair cuid dá dhánta aitheantas trí bheith á gcanadh ag bannaí Gaelacha éagsúla, na h-Òganaich agus na Siaraich ina measc. Agus bhuaigh sé gradam as 'Mi le m’ Uillinn' a scríobh nuair a sheinn na h-Oganaich é ag an bhFéile Phan-Cheilteach 1972 i gCill Airne. Tá dhá leabhar d'filíocht Mhurchaidh foilsithe, An Toinneamh Dìomhair i 1973 agus Dàin Mhurchaidh i 1986.

D’éag sé 7 Samhain, 1982.

Remove ads

Naisc sheachtracha

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads