Naomh Séamus, mac Zeibidé

From Wikipedia, the free encyclopedia

Naomh Séamus, mac Zeibidé
Remove ads

Duine den Aspal Déag Íosa ba ea Naomh Séamus, mac Zeibidé (San Séamas uaireanta). Tugtar Séamus Mór[1] air toisc go raibh Séamus eile i measc an Dáréag, Séamas Beag, mac Alfaeus (Séamus Beag). Comórtar Lá Fhéile San Séamas ar 25 Iúil.[2]

Thumb
Naomh Séamus, mac Zeibidé (le Rembrandt Harmenszoon van Rijn)
Thumb
i Santiago Acutzilapan, Atlacomulco, Meicsiceo
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Aspal ab ea é, deartháir le hEoin agus mac Zeibidé.[3][4]

Níl ach beagán eolais againn faoi thús a shaol. Bhí Zeibidé ina iascaire agus seans gur chónaigh sé i mBéatsáide (Eoin 1:44) nó i gCafarnáúm. Bhí roinnt fear ag obair dhó (Marcus 1:20). Ba bhean chráifeach í Salómae agus bhí sí mar bhall de lucht leanúna Íosa Críost (Matha 27:55,; Marcus 15:40, 16:1; Lúcás 8:2, 23:55-24:1).

Shíltear nach bhfuair Séamas ná Eoin a gcuid oideachais i scoil raibíneach. Dá bharr sin, ní raibh siad aitheanta mar fhir oilte leis na Giúdaigh. Is cosúil gur bhfuair siad an caighdeán céanna oideachais a fuair daoine eile ina n-aicme, is é sin an gnáthoideachas Giúdach. Deirtear gur b'fhéidir go raibh na deartháireacha ina gcol ceathracha le Íosa Criost, eolas amhrasach. Bhí muintir na Gailíle cráifeach, crua, dícheallach, cróga agus b'iad na cosantóirí ab fhearr den náisiúin Giúdach.

Thumb
taisí naoimh, Catedral de Santiago de Compostela

Aspal

Iascaire ab ea San Séamas agus bhí ardmheas ag Íosa air, is cosúil.[4] Bhí sé i láthair ag Claochlú an Tiarna (ar shliabh Tabor b'fhéidir) agus i nGairdín Getsemaní le linn allais fola Íosa.

Cosúil leis na hAspail eile bhí San Séamas de dhualgas air Soiscéal Dé a scaipeadh agus an Eaglais a bhunú mar a d’ordaigh Íosa. Thug sé aghaidh ar Leithinis na hIbéire chun an obair seo a chomhlíonadh.

Deirtear uaireanta gur chabhraigh San Séamas leis na Críostaithe an lámh in uachtar a fháil ar na Moors (a rinne ionradh ar an Spáinn sa bhliain 711).[4]

Thumb
Tá Séamas curtha i Santiago de Compostela.

Bású

Nuair a d’fhill San Séamas ar Iúdáia, chuir Rí Herod Agrippa 1 é chun báis sa bhliain 44 AD. Tógadh a chorp ar ais go dtí Galicia sa Spáinn. Tá sé curtha i Santiago de Compostela. Tá sé mar phatrún ar an Spáinn agus ar oilithrigh.

Leis na céadta bliain tá oilithrigh ó gach aird den domhan ag siúl Camino de Santiago chuig a uaigh. Inniu meallann an Camino go Santiago na mílte oilithreach gach bliain as ceithre chreasa an domhain. Is fada an bhaint atá ag na Gaeil leis an oilithreacht go Santiago de Compostela.[2][5][6]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads