Natalia Estemirova
gníomhaí cearta daonna Rúiseach (1958-2009) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Gníomhaí ar son chearta an duine ba ea Natalia Khusainova Estemirova (Rúisis: Наталья Хусаиновна Эстемирова)(1958 – 15 Iúil 2009), a bhí ina baill den eagraíocht Rúiseach chearta daonna ' Cuimhneachán' (Rúisis: Мемориал).
Fuadaíodh Estemirova ar an 15 Iúil 2009 ag a 8.30 i.n. ó a baile i nGrozny, an tSeisnia. Gabh ceathrar fear neamhaithnid í nuair a bhí sí ar a bealach chuig na hoibre. De réir na péas, bhí dhá urchar ina ceann agus ina cliabhrach agus a corp fágtha ar thaobh na bhealaí mhóir i Gazi-Yurt, Nazran, sráidbhaile atá trasna na teorann san Iongúiséit.

Remove ads
Beathaisnéis
Rugadh í i Saratov Oblast (Rúisis: Saratovskaya oblast), atá ina Bhallaonaid de Chónaidhm na Rúise. Bhí tuismitheoirí measctha aici, Rúiseach-Seisniach.
Bhain sí céim amach sa stair ó Ollscoil na Seichnia agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir i nGrozny go dtí 1998. Bhí fianaise bailithe ar sáruithe chearta daonna i Seisnia ag Estemirova, ó thús an chogaidh sna Cugais Thuaidh, sa bhliain 1999.
Bhí iníon aici, agus agus bhí sí fágtha ina baintreach nuair a fuair a fear céile (póilín ba ea é) bás.
Sa bhliain 2000, ceapadh í mar ionadaí na heagraíochta 'Cuimhneachán' ina lárionad chearta daonna i nGrozny. D'obraíodh Estemirova Estemirova le Anna Politkovskaya (iriseoir imscrúdaithe) agus in éineacht le Stanislav Markelov (an dlíodóir chearta daonna); beirt a dúnmharaíodh freisin, sa bhliain 2006 agus 2009, faoi seach.
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads