Nora Barnacle
céile James Joyce From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bean chéile agus bé an scríbhneora chlúitigh Éireannaigh James Joyce ab ea Nora Barnacle. (Márta 1884 - Aibreán 1951) Iníon báicéara as Conamara na Gaillimhe a bhí inti, a chas ar Joyce den chéad uair i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meitheamh 1904. Bhunaigh Joyce a shárshaothar Ulysses ar an 16 Meitheamh 1904, an lá ar chuir an bheirt tús lena gcaidreamh rómánsach. Ach níor thaitin an leabhar conspóideach léi. Tharraing a gcuid litreacha gnéis follasacha aird fhorleathan, go háirithe mar d'easaontaigh Joyce le teanga gháirsiúil de ghnáth. Is minic a dhíoltar iad ar phraghsanna arda ag ceantanna. Díoladh litir earótach ó Joyce go Barnacle ag Sotheby's ar £240,800 sa bhliain 2004.
Tá go leor suime ag an bpobal i saol Barnacle agus Joyce le chéile. Léiríodh dráma, Nora Barnacle le Maureen Charlton, faoina gcaidreamh sa bhliain 1980. Scríobh Brenda Maddox beathaisnéis uirthi darb ainm Nora: A Biography of Nora Joyce, i 1998 agus cuireadh an leabhar in oiriúint don scáileán mar scannán Éireannach, darbh ainm Nora, Pat Murphy a stiúraigh agus ba iad Susan Lynch agus Ewan McGregor na príomhcharachtair.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads
