Oileán Rhode
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Oileán Rhode (Béarla: Rhode Island nó State of Rhode Island go hoifigiúil. Ainmníodh é State of Rhode Island and Providence Plantations roimh 2020). Suite i réigiún Sasana Nua in oirthuaisceart na tíre, is é Oileán Rhode an stát is lú i S.A.M. Is í Providence an phríomhchathair agus an chathair is mó, agus tá teorainneacha aici le Massachusetts, Connecticut, Nua-Eabhrac (teorainn mhuirí amháin) chomh maith le cósta ar an Aigéan Atlantach. Tugtar “An Stát Aigéin” ar Oileán Rhode toisc go bhfuil níos mó ná 400 míle de chósta aige.
Remove ads
Rinne taiscéalaí na hIodáile Giovanni da Verrazzano iniúchadh ar an gceantar i 1524. Ansin i 1636, bhunaigh Roger Williams — fear a díbríodh as Coilíneacht Bhá Massachusetts in aice láimhe mar gheall ar a chreidimh reiligiúnacha — coilíneacht Rhode Island. Thabharfaí an réigiún mar láthair ina bhféadfadh daoine ó go leor reiligiún éagsúil cleachtadh go saor.
I 1776, ba é Rhode Island an chéad choilíneacht a dhearbhaigh neamhspleáchas ón mBreatain Mhór.
Remove ads
Contaetha in Oileán Rhode
Bailte in Oileán Rhode
Teangacha
De réir daonáireamh S.A.M. 2000, labhair 84% de dhaonra Oileán Rhode Béarla sa bhaile. Labhair 8.07% Spáinnis, 3.8% Portaingéilis, 1.96% Fraincis, agus 1.39% Béarla. Bhí príomhtheanga eile ag 0.78% don daonra.
Naisc sheachtracha
- Rhode Island.gov - Suíomh idirlín oifigiúil.
- Rehabilitation Rhode Island

![]() | Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads