Pádraig Mac Suibhne

file Éireannach (r. 1942) From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Múinteoir, aisteoir, agus file Gaeilge ab ea Pádraig Mac Suibhne (1942–2020).[1][2] Rugadh agus tógadh é in Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Tá níos mó ná duine amháin darb ainm Pádraig Mac Suibhne ann. Féach Pádraig Mac Suibhne (idirdhealú).
Remove ads

Saol

Thumb
Ard an Rátha
Thumb
Ollscoil Mhaigh Nuad

Chuaigh an Suibhneach le sagartacht ach d’éirigh sé as. Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.

Múinteoir iarbhunscoile agus príomhoide ab ea é.

Phós sé sa bhliain 1967 agus bhí cúigear clainne aige ach scar sé féin agus a bhean.[2]

Thumb
Coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill.

Poblachtánach ab ea é agus coimeádadh i bPort Laoise é ar feadh tamaill.

Bhí baint mhór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath. Bhíodh páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo ar TG4 chomh maith.[3]

Saothar

D'fhoilsigh sé trí chnuasach filíochta, agus scríobh sé gearrscéalta chomh maith. Tá an t-uaigneas agus an mhoráltacht mar théamaí ina chuid filíochta.

I measc a chuid saothar tá na gearrscéalta "An Coinín Cliste" agus "An Mhallacht" faoin teideal "Féar na Féile Vailintin agus scéalta eile". Dar le léirmheastóirí, pléann sé cúrsaí an tsaoil i slí an-simplí ghreannmhar ina chuid litríochta.

"Colscaradh"

Thumb
'Colscaradh'ː an choimhlint mar chroílár an dáin

Is é a chum an dán "Colscaradh" a chlúdaítear ar chúrsa na hArdteistiméireachta in Éirinn.[4] Tagann an dán seo ón gcnuasach Solas Uaigneach. Chum an file an dán seo tar éis dó an brón agus an briseadh croí a bhain le scarúint tuismitheoirí a fheiceáil agus é ag múineadh daltaí scoile.[5]

Naisc sheachtracha

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads