An tSeic

tír i lár na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia

An tSeic
Remove ads

Tír suite i lár na hEorpa, atá ina ballstát den Aontas Eorpach, is ea an tSeic[1] (Seicis: Česko), nó Poblacht na Seice mar a thugtar uirthi go neamhoifigiúil. Tá teorainn aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, leis an nGearmáin san iarthar, leis an Ostair sa deisceart agus leis an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág (Seicis: Praha) príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar atá an Bhoihéim (Seicis: Čechy) agus an Mhoráiv (Seicis: Morava). Tá cuid den tSiléis (Seicis: Slezsko) sa tSeic chomh maith.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Ainm na tíre

Ó tharla nach bhfuil aon ainm stairiúil aonfhoclach ar fáil chun tagairt a dhéanamh don tír, is minic a úsáidtear an t-ainm fada i méid mór teangacha: Poblacht na Seice sa Ghaeilge, Česká republika sa tSeicis. Is leagain nuachumtha iad na hainmneacha gearra (Česko sa tSeicis, an tSeic sa Ghaeilge); tá na leagain seo anois á gcur chun cinn ag rialtas na tíre, ach níl a n-úsáid saor ó chonspóid. Úsáidtear an téarma tánaisteach tailte na Seice (Seicis: České země) mar théarma staire chun tagairt a dhéanamh don limistéar ar a dtugtar Poblacht na Seice anois.

Remove ads

Stair na tíre

Sa 9ú haois a tháinig ann don stát Seiceach. Sa 13ú agus 14ú haois a tháinig an borradh ba mhó faoin stát agus é faoi riail ag na Přemysligh agus na Lucsamburgaigh. Tar éis Cath Mohács i 1526, na Hapsburgaigh a rialaigh tailte na Seice agus rinneadh cuid d'Impireacht na hOstaire agus na hUngáire díobh. Tar éis thitim na hImpireachta sin i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, i 1918, cruthaíodh an tSeicslóvaic mar phoblacht neamhspleách a thiomsaigh tailte na Seice agus an tSlóvaic araon. Bhí mionlach mór ag pobal na Gearmáinise sa stát sin. I dtús an Dara Cogadh Domhanda, de thoradh Chomhaontú München, baineadh cuid mhaith de thailte na Boihéime agus na Moráive den stát agus cuireadh leis an nGearmáin iad: Sudetenland (Gearmáinis) nó Sudety a chuirtear ar na tailte sin.

I rith an chogaidh, tháinig an chuid eile de thailte na Seice faoi riail na Gearmáine mar Protektorat. Bhí na tSlóvaic ina stát neamhspleách a bhí go mór faoi anáil na Gearmáine.

I ndiaidh an chogaidh, athaontaíodh an tSeicslóvaic, cuireadh Sudetenland ar ais léi agus cuireadh an ruaig ar phobal na Gearmáinise sna críocha sin de thoradh Dlíthe Beneš -- eachtra atá ag tarraingt go leor conspóide i dtólamh.

Rinne an páirtí cumannach coup d’état i 1948 agus bhí an tSeicslóvaic ina tír chumannach ó shin. I 1968, mar gheall ar mhíshásamh an phobail, bhí iarrachtaí ar siúl chun réimeas níos daonlathaí a chur i bhfeidhm. Glaodh Earrach Phrág ar na hiarrachtaí sin. Cuireadh Earrach Phrág faoi chois ag fórsaí an Aontais Shóivéadaigh agus ag fórsaí na dtíortha eile a bhí páirteach i gComhaontú Vársá.

Príomhalt: An tSeicslóvaic

D'éirigh le muintir na Seicslóvaice an réimeas cumannach a chur ó mhaith sa deireadh i 1989 mar thoradh ar réabhlóid a bhí chomh síochánta sin go gcuirtear Réabhlóid Veilbhite uirthi.

Bhí méid áirithe míshásaimh ar phobal na Slóvaice i gcónaí faoin tSeicslóvaic agus chonacthas do go leor go dteastaíonn a stát uathu. Faoi dheireadh, rinneadh socrú polaitiúil agus, 1 Eanáir 1993, briseadh an tSeiceslóvaic go síochánta ina dhá chuid agus cruthaíodh dhá stát nua – Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.

Remove ads

Geilleagar

Rinne Poblacht na Seice an córas geilleagrach aici a athrú go radacach ón gcóras cumannach stát-láraithe go córas an tsaormhargaidh i rith na 1990í. Dar leis an mBanc Domhanda, is í Poblacht na Seice an chéad tír ó COMECON a bhain an stádas "tír fhorbartha" amach.

Úsáidtear an koruna ('coróin') mar airgeadra sa tSeic. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Seice an 49ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 49ú ceann freisin de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 39ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an tSeic, é ar $35,223 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an tSeic an 15ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an ochtú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an tSeic an 21ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, ní raibh ráta dífhostaithe na tíre ach ag 1.9%, an leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]

Staid pholaitiúil reatha

Daonlathas ionadaíoch is ea Poblacht na Seice. Tá Petr Pavel ina cheann stáit faoi láthair. Tá an Príomh-Aire (Petr Fiala faoi láthair) ina cheann rialtais. Tá dhá sheomra sa Pharlaimint – Seomra na nIonadaithe agus an Seanad. Ghlac Poblacht na Seice le ballraíocht i NATO i 1999 agus san Aontas Eorpach in 2004. Is ball de OECD, de Chomhaire na hEorpa agus de Ghrúpa Visegrád í Poblacht na Seice chomh maith.

Remove ads

Ceantair

Féach freisin

Fíricí Gasta Uimhir, Cathair ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads