Pulsár
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is é rud is pulsár ann na réalta neodrón an-mhaighnéadaithe a bhíonn ag imrothlú go tapa agus ligeann sé as radaíocht leictreamaighnéadach bhíogach.[4]
Tugtar faoi deara go bhfuil peiriaid na mbíog idir 1.4 milleasoicind go 8.5 soicind. Ní féidir an radaíocht a bhreithniú ach amháin nuair atá an leictreonléas bíogach dírithe ar an Domhan. Bíonn cosúlacht idir an tslí a dtagann radaíocht bhíogach ón bpulsár agus an tslí a scaipeann bíog sholais amach as teach solais. Glaoitear ‘iarmhairt an tí sholais’ ar an chineál radaíocht bhíogach a ligeann pulsár amach. Toisc go mbíonn neodrónréaltaí dlúthstruchtúrach, bíonn imrothlú na réad, agus dá bhrí sin eatraimh na bpeiriad, an-rialta.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads