RTÉ Raidió na Gaeltachta
stáisiún raidió Gaeilge From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972.[1] Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[2]
I láthair na huaire, is deacair ag RnaG coinneáil leis na síor-athruithe ollmhóra sa saol cumarsáide.[3]


Remove ads
Eagraíocht
Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.
Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.
Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.
Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon. Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.
Fógraíocht
Sa bhliain 2024, chuir RnaG tús le déanaí le fógraí ar íocaíocht a chraoladh, an chéad uair a ceadaíodh a leithéid ó bunaíodh an stáisiún 50 bliain ó shin. Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh leis an gcosc a bhí ag an stáisiún ar fhógraíocht ar íocaíocht ó bunaíodh é i 1972 mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge. Faoin reachtaíocht teanga tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.[4]
Ach bhí caint tarraingthe ag droch-chaighdeán na teanga agus na foghraíochta ar chuid de na fógraí stáit sin. Bhí chuid de na fógraí a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta “dothuigthe”. Anois ní craoltar aon fhógra ar an stáisiún mura bhfuil caighdeán na Gaeilge agus na foghraíochta ann ‘sách ard’.[4]
Remove ads
Stair
Bhí 28 Márta 1970 ina lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara ag craoladh ar Dhomhnach Cásca 1970.[5] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.
Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.

Remove ads
Craoltóirí
I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.
Sceideal
Seo mar a bhí sceideal an stáisiúin ar 28 Aibreán, 2016[6].
Podchraoltaí
I rith na stocaireacht roimh Olltoghchán 2024 ó dheas, chuir RnaG an podchraoladh An Pod Polaitiúil ar bun chun "an t-eolas is déanaí faoi na vótaí, tacaíocht na n-iarrthóirí éagsúla agus staid na bpáirtithe a chur i láthair an phobail."[7]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads