Rauf Denktaş

ceannaire ar an Chipir Thuaidh From Wikipedia, the free encyclopedia

Rauf Denktaş
Remove ads

Ceannaire ar an Chipir Thuaidh (nó 'Poblacht Thurcach na Cipire Thuaidh', an TRNC[1]) ab ea Rauf Denktaş (27 Eanáir 192413 Eanáir 2012).[2]

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Saol

Mac le breitheamh a bhí ann.[3]

Glaodh chun an Bharra air i Londain (in Ósta Lincoln) sa bhliain 1947. D'fhill sé go dtí an Chipir an bhliain dár gcionn, chun dul leis an dlíodóireacht.

Thumb

Rinneadh Ionchúisitheoir na Corónach de agus bhí sé ina Aturnae Ginearálta Gníomhach le haghaidh Choilíneacht Chorónach na Cipire idir 1956 agus 1958.[4]

Thumb
An tUachtarán Makarios, Dr. Fazıl Küçük, fear as na N.A. agus Rauf Denktaş ar dheis

Agus é ina dhlíodóir agus ionchúisitheoir, chasadh sé ar a chara óige Glafkos Clerides (1919-2013, agus ina Uachtarán na Cipire ní ba dhéanaí) a bhíodh chun tosaigh mar abhcóide cosanta i gcásanna in éadan bhall de chuid EOKA, eagraíocht treallchogaíochta Ghréagaigh na Cipire (a raibh Clerides féin ina bhall di).

D'éirigh Denktaş as a bpost leis an rialtas chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, ar son Thurcaigh na Cipire agus chuidigh sé le bunú an Eagraíocht Thurcach um Fhrithbheartaíocht, chun troid in éadan EOKA, ag deireadh na bliana 1957.[3]

Toghadh arís agus arís eile ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire é, ar shlite éagsúla, ó 1960 go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2005. Bhí Denktaş ina cheannaire ar Phobal Turcach na Cipire idir 1983-2005.[3]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads