Séamus Ó Tuama

sceimhlitheoir Éireannach (1919-1989) From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Ba ghníomhaí míleatach poblachtach Éireannach é Séamus Ó Tuama (5 Samhain 1919 - 12 Meán Fómhair 1989) a bhí dhá uair mar cheann foirne ar an IRA Sealadach.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Beathaisnéis

Rugadh Ó Tuama i mBéal Feirste ar Shráid Marchioness [1], bhí cónaí ar ag 6 Sráid Sevastopol i gceantar na bhFál. "Thumper" a thugtaí air mar go raibh sé teasaí ó nádúr, agus an nós a bhí aige a dhorn a bhualadh ar tháblaí, is beag oideachas a fuair sé agus bhí sé ina 'reathaí' geallghlacadóra. Oibrí deonach sna 1920idí ba ea athair Sheamais. Bhí cónaí air i mBéal Feirste, go compordach lena bhean chéile, Rosie, a phós sé i 1946. Le chéile bhí mic agus iníonacha acu.

Remove ads

Óglaigh na hÉireann (an IRA)

Bhí baint aige leis an IRA ón na 1930idí agus imtheorannaíodh é i dTuaisceart Éireann le linn na 1940idí ar an long príosúin Al Rawdah agus ina dhiaidh sin i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Coinníodh Rosie, a bhean chéile, ina príosúnach i bpríosún na mban, Ard Mhacha, i dTuaisceart Éireann. Chuir sé i gcoinne an bhogtha i dtreo na heite clé, an t-athrú a thacaigh Cathal Goulding leis sna 1960idí, agus i 1968, chuidigh sé leis an Andersonstown Republican Club (Cumann Roddy McCorley ina dhiaidh sin) a bhunú.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads